€4 Milliún le bronnadh ar Ollscoil Leitir Ceanainn

Bainfidh campas Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn tairbhe as pacáiste infheistíochta de €40m a ceadaíodh inniu do mhionoibreacha caipitil.

Beidh €4m den infheistíocht sin á fáil ag Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.

I measc na dtograí a mbeidh maoiniú ar fáil fana gcoinne faoin scéim beidh oibreacha sábháilteachta, uasghrádú ar chúrsaí fuinnimh, mionoibreacha feabhsúcháin, trealamh úr agus infheistíocht teicneolaíochta.

Bainfidh 7 gcinn d'Ollscoileanna, 5 ollscoil teicneolaíochta, 2 institiúid teicneolaíochta agus 5 choláiste eile tairbhe as na deontais a d’fhógair an tAire Ardoideachais Simon Harris inniu.

Glasbhealach an Bhearnais Mhóir

Beidh Comhairliúcháin Phoiblí ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Bonneagar Iompair Éireann in Óstán Jackson i mBealach Féich anocht maidir le Tionscadal Ghlasbhealach an Bhearnais Mhóir, agus in Óstán na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall amárach.

Is é cuspóir na gcomhairliúchán an pobal a chur ar an eolas maidir le roghanna bealaí a roghnaíodh don tionscadal agus beifear ag lorg aiseolais ón phobal.

Beidh na comhairliúcháin phoiblí ar siúl ón mheánlae go dtí 8 a chlog inniu agus amárach.

"Oibrithe óga Pobail lán-aimseartha ag teastáil"

Tá Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnaola agus bainisteoirí ionaid pobail an cheantair ag iarraidh go bhfostófaí beirt oibrithe óga le freastal ar aos óg Chloich Chionnaola trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnaola go bhfuil oibrithe deonacha ag plé leis an aos óg sa cheantar ach nach bhfuil oibrí óg lán aimseartha ar bith fostaithe sa cheantar.

Thug sí le fios go bhfuil grúpaí pobail an cheantair ag iarraidh go bhfostófaí oibrithe óga a bhfuil Gaeilge acu ar chonradh 3 bliana.

Teastaíonn tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall anois le seo a bhaint amach, a deir Caitlín Ní Bhroin.

Coinbhinsiún ag FG

Beidh Coinbhinsiún ag Páirtí Fhine Gael do cheantar Bardais Leitir Ceanainn tráthnona.

Is é Jimmy Kavanagh an t-aon chomhairleoir contae atá san iomaíocht ag Fine Gael sa cheantar bardais faoi láthair ach tá tuairimíocht láidir ann go mbeidh iarrthóir eile san iomaíocht ina chuideachta amach sa bhliain úr.

Feachtas Margaíochta

Tá tús á chur inniu le feachtas margaíochta Ceannacht Dhún na nGall, nó Buy Donegal, ag iarraidh ar dhaoine earraí atá déanta sa chontae a cheannach idir seo agus an Nollaig. 

Tá aird á díriú ag Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall ar na hearraí atá á ndéanamh sa chontae, agus brandáil agus margaíocht faoi leith á déanamh orthu. 

Ghlac 350 gnó sa chontae páirt san fheachtas anuraidh agus chonaic 7.5m duine an feachtas ar na meáin shóisialta. 

Dúirt Stiúrthóir Rannóg Forbartha Eacnamaíochta na Comhairle Contae, Garry Martin go bhfuil an feachtas iontach tábhachtach le margaidh úra a aimsiú do tháirgí atá a ndéanamh i gCo Dhún na nGall agus táirgí an chontae a chur chun cinn chomh maith.

Iarrtar ar dhaoine tacú leis an fheachtas trí earraí atá a ndéanamh sa chontae a cheannacht agus grianghraf a chur ar na meáin shóisialta ag baint úsáid as an haischlib #Buy Donegal.

Tá eolas breise faoin fheachtas ar an suíomh idirlíon BuyDonegal.com.

Slógadh ar son na Síochána

Beidh bigil ar siúl i Leitir Ceanainn tráthnóna le tacaíocht a léiriú do pháistí na Palaistíne.

Is é inniu Lá Domhanda na bPáistí agus beidh ómós á léiriú ag an bhigil do pháistí as Iosrael agus ón Phalaistín atá maraithe agus gortaithe sa chogadh.

Cuirfear tús leis an bhigil ag Cearnóg an Mhargaidh ag an 6 a chlog tráthnóna.

Ceardlann faoin Meabhairshláinte

Beidh Ceardlann ar siúl ag Ionad Óige Ghaoth Dobhair tráthnona inniu dírithe ar chúrsaí meabhairshláinte.

Tá an cheardlann atá á reáchtáil ag an eagraíocht Jigsaw dírithe ar dhaoine óga faoi 16 bliain d’aois.

Beidh eolas á thabhairt ag an Cheardlann faoi caide is féidir a dhéanamh le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte.

Béarfar eolas fosta ar na heagraíochtaí agus na seirbhísí atá ag feidhmiú sa chontae a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine atá ag streachailt le deacrachtaí meabhairshláinte.

Beidh an Cheardlann ar siúl ag Ionad Óige Ghaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair tráthnóna inniu óna 6:30 go dtí 8 a chlog.