Tuilte

Tá an fhadhb leanúnach atá le tuilte ag eastáit tithíochta Port Dale i nDún Fionnachaidh ag cruthú go leor deacrachtaí do chónaitheoirí ar an eastáit, a dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty.

Dúirt an Comhairleoir McClafferty nach é seo an chéad uair tuilte a bheith ar an eastáit agus go raibh daoine sáinnithe ina dtithe inné dá bharr na dtuilte agus gurbh éigean fios a chur ar an bhriogáid dóiteáin leis an uisce a ghlanadh ar shiúil.

Tá an Comhairleoir McClafferty ag iarraidh go gcuirfidh plean bainistíochta tuilte ar bun sa Chontae.

Dúirt sé go mbeidh sé ag tógáil na ceiste ag cruinniú Cheantar Bardais na nGleanntach ar an Chlochán Liath inniu.

Deontas

Dúirt Cathal Mac Suibhne, Innealtóir le Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil aon togra mara is fiche críochnaithe anois ar chostas de naoi milliún déag euro faoi dheontas BALAMI.

Dúirt sé go raibh €8m eile ceadaithe don Chomhairle Contae, ach gurb éigean an t-ocht milliún euro sin a thabhairt ar ais don Roinn mar nach raibh ceadúnais chladaigh acu do sheacht dtogra mara.

I measc na dtograí a raibh maoiniú ceadaithe daofa bhí €3.8m do Phontún Ráth Maoláin agus €1.1m do Phontún an Bhuna Bhig.

Dúirt Cathal Mac Suibhne go bhfuil súil aige go mbeidh an maoiniú ar fáil ar an bhliain seo chugainn nuair a bheas na ceadúnais chladaigh acu, ach dúirt sé nach bhfuil cinnteacht ar bith go mbeidh.

Dúirt sé nach bhfuil sé sásúil go nglacann sé ar an Chomhairle Contae níos mó ná 18 mí le ceadúnas cladaigh a fháil ón Roinn.

GCC

D'éirigh go maith le Comhairle Contae Dhún na nGall i dtuarascáil na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar chúrsaí comhshaoil sna húdaráis áitiúla anuraidh. 

Rinneadh scrúdú ar mar atá ag éirí leis na húdaráis áitiúla cigireacht a dhéanamh ar chúrsaí uisce, dramhaíola, aeir agus torainn agus cúrsaí rialacháin.

Dúradh go raibh Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhlíonadh na rialacha a bhí leagtha síos ag an GCC maidir le cúrsaí Comhshaoil d’áit ar éirí leo an caighdeán riachtanach a bhaint amach i 70% nó níos mó de na measúnaithe.

Deir an GCC go gcaithfidh údaráis áitiúla níos mó oibre a dhéanamh le cinntiú go bhfuil na boscaí bruscair cearta á n-úsáid ag daoine agus go bhfuil fíneáil á gearradh orthu siúd nach bhfuil ag cloí le rialacha athchúrsála.

Railí an Fhómhair

Tá achainí á ndéanamh ag Club Mótair Dhún na nGall ar phobal an Chontae gan físeán den timpiste a tharla ag Railí an Fhómhair ag an deireadh seachtaine a scaipeadh ar na meáin shóisialta.  

Gortaíodh beirt fhear a bhí ag freastal ar Railí an Fhómhair a bhí ar siúl ar an Fhál Carrach Dé Sathairn nuair a bhuail carr railí iad ag staid 3 den Railí i gCeantar Dhoire Uí Fhríl.

Tugadh an bheirt go hOtharlann Leitir Ceanainn le haghaidh cóir leighis ach tuigtear nach bhfuil siad gortaithe go holc.

Deir Club Mótair Dhún na nGall go bhfuil siad ar an eolas go bhfuil físeán den timpiste á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith a d’fhéadfadh an físeán a fháil nó atá ina sheilbh cheana féin é a scriosadh láithreach agus gan é a roinnt. 

Deir na Gardaí go bhfuil siad ag leanstan lena bhfiosrúcháin sa chás.

Leitir Ceanainn

Tá glactha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le dréachtphlean do bhaile Leitir Ceanainn, chomh maith le plean iompair áitiúil don bhaile.

Beidh an dá phlean ag bainistiú cúrsaí forbartha i Leitir Ceanainn agus abhantrach an bhaile as seo go ceann deich mbliana, le béim ar Leitir Ceanainn a fhorbairt mar lárionad fiontraíochta agus oideachais.

D’aontaigh an Chomhairle athbhreithniú a dhéanamh ar zónáil talún ó dheas d’abhainn na Súilí mar a thagann forbairt ar an cheantar sin le linn thréimhse an phlean baile.

Tá ceantar amháin atá clúdaithe sa phlean atá aitheanta anois mar cheantar atá i mbaol ó thuilte, agus rinneadh cinneadh athbhreithniú a dhéanamh amach anseo arís ar an cheantar sin.

Cuirfear an dréachtphlean ar aghaidh anois chuig Oifig an Rialálaí Pleanála agus as sin, chuig an Aire Rialtais Áitiúil.

Trácht

Tá cónaitheoirí i mBaile Dhún na nGall ag iarraidh go gcuirfidh stop leis an obair ar chóras tráchta aon-slí thart ar an bhaile, mar go ndeir siad go bhfuil sé ag cur go mór le tranglam tráchta.

Tá córas tráchta aon slí i bhfeidhm le cúig seachtaine i lár Bhaile Dhún na nGall ach deir daoine a bhfuil cónaí orthu ar an bhaile go bhfuil tranglam mór tráchta ar an Diamant anois go rialta, agus go háirithe ar na bealaí isteach chuig an Diamant.

Dúirt duine de na háitritheoirí Shane McCauley go bhfuil sé chun achainí ar líne a chur ar bun le míshástacht an phobail a chlárú faoi chúrsaí tráchta i lár an bhaile.

Níl ciall dá laghad, a dúirt sé go gcuirfidh trácht ó thuaidh den bhaile agus ó Chill Ó mBaird isteach chomh fada leis an Diamant.

Dúirt sé go millfear an baile féin do thurasóirí, siopadóirí agus daoine a bhfuil cónaí orthu ann muna gcuirtear slí eile tráchta i bhfeidhm.