Teifigh
Deir an tAire Roderic O'Gorman gurb é príomh-aidhm an Stáit fé láthair, agus iad ag plé le hiarrthóirí tearmainn agus le teifigh, ná lóistín sealadach a sholáthar dóibh seo atá ag teitheamh ó chogaí thar lear.
Dúirt an tAire an méid sin leis an dTeachta Dála Brendan Griffin sa Dáil le laethanta anuas, agus an Grífíneach ag fiafraí cad ina thaobh go bhfuil a thuilleadh iarrthóirí tearmainn le lonnú in áit áirithe i gCiarraí, agus é ráite ag Comhairle Contae Chiarraí nach bhfuil a thuilleadh lóistín ar fáil sa chontae do theifigh.
Dúirt an tAire O’Gorman, go gcuirfidh sé imní ionadaithe tofa poiblí Chiarraí, fén méid lóistín d’iarrthóirí tearmainn sa chontae, fé bhráid an Rialtais.
Comhshaol
Tá Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge i measc na 4 údarás áitiúla is measa a chruthaigh i gcúrsaí comhshaoil anuraidh, de réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Comhshaoil inniu.
Deirtear sa tuarascáil ná bhfuil an Chomhairle ag baint na gcaighdeán riachtanacha amach i 7 gcinn as 10 gcineál cigireachta a bhí á dhéanamh acu anuraidh, maidir le dramhaíl, uisce, aer agus truailliú.
Níor éirigh go maith le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge don dara bliain as a chéile, agus caithfidh siad díriú ar na lochtanna ina gcuid maoirseoireachta ar chúrsaí comhshaoil sa chontae, a deir an Ghníomhaireacht Um Chaomhnú Chomhshaoil inniu.
Halla na Feothanaí
Ag cruinniú poiblí i Halla na Feothanaí aréir glacadh le bunreacht nua don halla agus cuireadh ainmneacha chun cinn do choiste bainistíochta nua don áit.
Thug Cathaoirleach Choiste Forbartha an Halla ó 2007, Jeaic Ó Muircheartaigh, le fios don gcruinniú go raibh sé meáite ar éirí as a chúraim.
Dúirt an Muircheartach go bhfuil sásamh le baint as áiseanna maithe a chur ar fáil don bpobal ach go bhfuil a dhúshláin féin ag baint leis na dualgais a bhíonn ar choistí atá ag feidhmiú go deonach.
Ceann de na dúshláin do choiste nua an halla, a deir sé, ná breis áiseanna páirceála a fhorbairt láimh leis an halla toisc go mbíonn gá le hathnuachan i gcónaí, a dúirt sé ar Adhmhaidin ó chianaibh.
Gael-Taca
Deir an t-eagras Gaolainne i gCathair Chorcaí, Gael-Taca, go bhfuilid ag feitheamh go foighneach le scéala ón Roinn maidir le hiarratas ar mhaoiniú atá curtha fé bhráid na Roinne acu.
Tá Gael Taca gan Bhainisteoir agus gan áitreabh, agus súil acu le scéal ón Roinn sara bhfad.
Deirid chomh maith go gcaithfear tabhairt fé stádas mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta a bhaint amach don gcathair, agus dá mbeadh san déanta, go mbeadh deis ag gaelscoileanna agus gaelcholáistí na cathrach cúntóirí teangan bheith acu.
Droichid
Tá díobháil déanta do dhroichid sna hIar-Dhéise de dheasca na báistí troime le déanaí, agus tá bruscar bailithe fúthu, a dúirt na comhairleoirí Pat Nugent agus Declan Doocey ó Fhine Gael (FG) ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge.
Agus é á bhfreagairt, dúirt Stiúrthóir na Seirbhísí, Fergus Galvin, go dtuigeann an Chomhairle na fadhbanna ach go bhfuil deacrachtaí maidir le foirne oibre a fháil agus deacrachtaí leis ag baint le héisc sna haibhnte.