Cruinniú dochtúírí teaghlaigh le Saolta
Casfaidh Grúpa Dochtúirí Dhún na nGall le Bainistíocht Ghrúpa Otharlanna Saolta inniu le plé a dhéanamh ar na deacrachtaí atá in Otharlann Leitir Ceanainn.
Beidh Príomh-Fheidhmeannach Ghrúpa Otharlanna Saolta, Tony Canavan, chomh maith le hoifigí sinsearacha eile ón Ghrúpa ag an chruinniú.
Beidh béim á cur ag cruinniú an lae inniu ar an imní atá ar dhochtúirí faoi chúram othair san Aonad Timpiste agus Éigeandála in Otharlann Leitir Ceanainn.
Déanfar plé chomh maith ar an ghéarghá atá le feabhas a chur ar sheirbhísí san Otharlann lena chinntiú nach mbeidh daoine ag fanacht tamall fada le haghaidh cóir leighis agus nach mbeidh orthu tamall fada a chaitheamh san otharlann sula ligtear abhaile iad, go háirithe othair a bhfuil ailse orthu.
Dúirt an Dochtúir Padraig McGuinness ó Ghrúpa Dochtúirí Dhún na nGall go bhfáiltíonn sé roimh chruinniú an lae inniu chun aird a tharraingt ar na deacrachtaí atá in Otharlann Leitir Ceanainn.
Dúirt sé go leanfaidh an Ghrúpa ag cur brú go dtí go mbeidh athbhreithniú seachtrach déanta ar chúrsaí in Otharlann Leitir Ceanainn agus go dtí go mbeidh cuairt tugtha ag an Aire Sláinte ar an Otharlann.
Moltaí pleanála
Tá moltaí curtha ag Oifigigh Pleanála Teanga Dhún na nGall i gcomhar le Bainisteoir Phobal Eascarrach ar an bhFhál Carrach, Seanán Mac Aoidh, chuig Comhairle Contae Dhún na nGall polasaí naisiúnta tithíochta don Ghaeltacht i nDún na nGall a chur i bhfeidhm.
Dúirt Caitlín Ní Bhroinn, Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Chionnaola go bhfuil dréachtphlean forbartha an Chontae ó 2024 go 2030 á ullmhú faoi láthair agus go bhfuil éileamh tagtha ón phobal gur cheart tithe sóisialta a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus gur cheart measúnacht tionchair teanga neamhspleách a bheith i gceist nuair a bheas teach á thabhairt do thionónta.
Dúirt Caitlín Ni Bhroinn nach bhfuil polasaí tithíochta Gaeilge ar bith ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus gur cheart forbairt a dhéanamh ar an cheist seo.
Dúirt sí go bhfuil siad ag súil le freagra go luath ar ais ón Chomhairle ar a n-éileamh.
Iarrthóirí FG
Roghnaíodh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall an Comhairleoir Martin Harley as Bealach Féich agus Garvin Connolly as Cúil na gCuirridín mar iarrthóirí Pháirtí Fhine Gael sna toghcháin áitiúla ag Coinbhinsiún an pháirtí an tseachtain seo i gceantar Bardais Leifir /Shrath an Urláir.
Tá an Comhairleor Harley ina Chomhairleoir Contae le 4 bliana déag agus bhí Garvan Connolly ina iarrthóir sna toghcháin áitiúla sa bhliain 2019.
Beidh coinbhinsiún ag an pháirtí i gceantar Bardais Leitir Ceanainn/ Bhaile na nGallóglach roimh dheireadh na míosa seo.
Níl dáta ar bith socruithe go fóill do choinbhinsiúin i gceantracha Bardais na nGleanntach, Dhún na nGall agus Inis Eoghain.
Beidh cruinniú cinn bhliana Pháirtí Fhine Gael i nDún na nGall ar siúl in Óstán Keys, Srath an Urláir san oíche amárach.
Ba é an Teachta Dála Frank Feighan atá ina chathaoirleach.
Cúrsaí printíseachtaí lán
Dúirt Ciarán O Brien, Stiúrthóir Oideachais Aosaigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall go bhfuil na spásanna do chúrsaí printíseachtaí uilig lán agus go bhfuil sé beartaithe ceardlanna breise a chur ar líne ó 2024.
Dúirt sé go bhfuil ráchairt mhór ar na cúrsaí agus gur éirigh leo cuid de na cúrsaí lánaimseartha a aistriú go cúrsaí páirtaimseartha nó i gcásanna rinneadh cúrsaí lánaimseartha agus páirtaimseartha a chónascadh.
Dúirt Ciarán O Brien go bhfuil cead tugtha don Bhord tacaíocht bhreise a fháil i gcomhair soláthar cuimsithe, is é sin go ndéanfar foireann bhreise a earcú sna míonna amach romhainn le Béarla a theagasc do chainteoirí teangacha eile.
Dea-scéala an méid seo do Sheirbhís Litearthachta d'aosaigh a bhfuil sár-obair déanta acu le déileáil leis an éileamh atá ar chúrsaí, a dúirt sé.
Áit trasnaithe do choisithe
Tá an Comhairleoir Contae Michéal Choilm Mac Giolla Easpaig ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall maoiniú a chur ar fáil d'áit trasnaithe do choisithe ag siopa Mholloy i nDoirí Beaga.
Deir sé go bhfuil an bealach ansin thar a bheith gnóthach agus go bhfuil contúirt ann do choisithe agus iad ag gabháil trasna an bhealaigh sa cheantar sin.
Bíonn go leor daoine ag úsáid an bhealaigh agus iad ag dul go dtí an siopa, an Chomhar Chreidmheasa, scoileanna agus teach an phobail, dar leis.
D’iarr an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ar an Chomhairle Contae iniúchadh a dhéanamh ar an phíosa bealaigh sin ar mhaithe le sábháilteacht bóthair de.