Cruinniú dhochtúirí teaghlaigh le Saolta
Dúirt an Dochtúir Ciarán O Fearraigh go bhfuil Grúpa Dochtúirí Dhún na nGall sásta go bhfuil tús curtha anois le díospóireacht idir iad féin agus Grúpa Otharlanna Saolta maidir leis na deacrachtaí atá in Otharlann Leitir Ceanainn.
Chas na Dochtúirí le baill de Ghrúpa Otharlanna Saolta inné.
Dúirt sé den chéad uair go bhfuil Dochtúirí Teaghlaigh agus Dochtúirí Comhairleacha in Otharlann Leitir Ceanainn sásta seasamh láidir a ghlacadh ar son othair an Chontae agus a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí atá riachtanach ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn.
Thug sé le fios go bhfuil cruinniú eile socruithe idir iad féin agus Grúpa Otharlanna Saolta ag tús na míosa seo chugainn.
Geallúint SF faoi Mhíoca
Gheall an Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn go gcuirfeadh Sinn Féin Scéim cúitimh 100% ar fáil d'úinéirí tí a bhfuil a gcuid tithe buailte le míoca, nuair a d’fhoilsigh siad a mbuiséad malartach inné.
Dúirt an Teachta Mac Lochlainn go bhfuil geallúint tugtha go gcuirfear ar a laghad €200 milliún ar fáil d’úinéirí tí a bhfuil míoca ina gcuid tithe.
Athrú Rialtais agus athrú Aire Tithíochta an t-aon dóigh leis an ghéarchéim thithíochta atá sa tír a réiteach, a dúirt na Teachtaí Dála Piaras Ó Dochartaigh agus Pádraig Mac Lochlainn.
Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil an ghéarchéim thithíochta imithe as smacht agus go gcaithfear a chinntiú go ndéanfar níos mó infheistíochta i dtógail tithe agus go ndéanfar obair dheisiucháin ar thithe atá folamh agus tréigthe.
Líon mór tithe nua críochnaithe
Críochnaíodh an obair ar an líon is mó tithe úra i nDún na nGall sa chéad naoi mí den bhliain seo ná tréimhse ar bith eile ó cuireadh tús le taifead ar thithe.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí atá foilsithe ag an Phríomh-Oifig Staidrimh, críochnaíodh an obair ar 499 teach úr i nDún na nGall ó Mhí Eanáir go Mí Mheán Fómhair na bliana seo, ardú 8.2% ar an tréimhse chéanna anuraidh.
Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O Brien go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil tithe úra á dtógáil le hiarracht dul i ngleic leis an ghéarchéim thithíochta atá sa tír.
Rothair chun na hAfraice
Tá tús curtha an tseachtain seo ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Cumann Rotary Leitir Ceanainn agus Comhlacht Athchúrsála Bryson lena bhfeachtas le rothair scoile a bhailiú le seoladh chuig pobal na hAfraice.
Táthar ag lorg rothair dara láimhe le hathchóiriú a dhéanamh orthu agus seolfar iad chun na hAfraice.
Dúirt Connie Ó Gallchóir, bainisteoir chomhlacht athchúrsála Bryson, go bhfuil lúcháir orthu go bhfuil siad ag tabhairt tacaíochta don achainí seo arís i mbliana agus gur éirigh go maith leis le roinnt mhaith blianta.
Thig rothair a fhágáil ag ceann ar bith de na sé ionad athchúrsála sa Chontae, i Láthaigh, An Chlochán Liath, Carn Domhnach, Srath an Urláir, Leitir Ceanainn agus Baile na nGallóglach.
Cuirfidh Uisce Éireann tús an tseachtain seo leis an obair chun uasghrádú a dhéanamh ar thart ar 750 méadar de sheanphíopaí uisce ar bhealach an Mhachaire ar an Chlochán Liath.
Leagfar píopaí uisce úra ó Thobar Caoin chomh fada leis an Reannaigh Dhubh, áit a raibh na seanphíopaí réabtha go minic le tamall.
Cuirfear isteach ar an soláthar uisce sa cheantar seo agus an obair seo ar bun agus cuirfear isteach ar chúrsaí tráchta sa cheantar chomh maith.
Is iad conraitheoirí Farran Construction a bheas i mbun na hoibre ar an Mhachaire d’Uisce Éireann.
Mairfidh an obair ansin go Mí Feabhra na bliana seo chugainn.