Sochraid.

Cuirfear i gcré na cille inniu na déagóirí Alana Harkin agus Thomas Gallagher a maraíodh i dtaisme bhóthair i dTuaisceart Inis Eoghain luath maidin Dé Luain.

Ba as Gleann Daoile an bheirt acu, agus bhí siad beirt ocht mbliana déag d'aois.

Cuirfear Alana Harkin sa reilig áitiúil i ndiaidh an Aifrinn ag a 11 a chlog ar maidin i dTeach Pobail Mhuire, Cúil Dabhcha.

Cuirfear Thomas Gallagher sa reilig áitiúil i ndiaidh an Aifrinn ag a 2 a chlog tráthnóna i dTeach Pobail an Bhaile Bhric, Bun an Phobail.

Seirbhís baincéireachta sholghluaiste

Dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamais Ó Fearraigh nach raibh sé ceart ná cóir nach raibh seirbhís baincéireachta soghluaiste ag Banc Aontas Éireann ar feadh 3 seachtaine i bParóiste Ghaoth Dobhair siocair go raibh deacrachtaí leis an Veain.

Dúirt sé go raibh cuid mhór míshástachta ar dhaoine a bhaineann úsáid rialta as an tseirbhís agus a bhíonn ag brath go mór air.

Tugadh le fios don Chomhairleoir Ó Fearraigh go raibh fadhb mheicniúil leis an fheithicil a bhí in úsáid agus gur b’éigean fanacht 3 seachtaine le páirt a fháil don veain.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil sé dochreidte go dtarlódh a leithéid sa lá atá inniu ann.

Tá gealltanas faighte ag an Chomhairleoir Ó Fearraigh ó Bhanc Aontas Éireann nach dtarlóidh seo arís.

Moill ar phíopaí uisce

Léirigh an Comhairleoir Contae Micheal Mc Clafferty a mhíshástacht faoin mhoill atá ar Uisce Éireann píopaí úra uisce atá de dhíth go práinneach a leagadh, ag cruinniú a bhí ag Comhairleoirí Contae le hionadaithe ó Uisce Eireann.

Dúirt sé go bhfuil píopaí úra uisce de dhíth go géar i nGlaise Chú agus Mín an Chladaigh agus nach bhfuil sé sásta nach bhfuil na deacrachtaí atá ar an Ardaí Bheag réitithe go fóill.

Léirigh sé díomá chomh maith maidir le hIonad Cóireála Uisce an Fháil Charraigh.

Tugadh le fios go bhfuil ceadúnas cladaigh de dhíth do na leithéidí agus go bhféadfadh sé bheith 18 mí sula mbeadh an ceadúnas ar fáil.

Ealaíon na Gaeltachta

Tá Ealaíon na Gaeltachta ag ceiliúradh 25 bliain a mbunaithe inniu.

Mar chuid den cheiliúradh, beidh imeacht speisialta ar siúl i dtabhairne Leo i Mín na Leice tráthnona inniu, le haitheantas a thabhairt don Bhanna Ceoil Clannad as a bhfuil déanta acu don Ghaeilge, don chultúr agus do dhúchas na Gaeltachta.

Tá sparánacht €30,000 le bronnadh ag Údarás na Gaeltachta ar ealaíontóir Gaeltachta in ómós do Chlannad.

Tá an banna ceoil a bhunaigh Clann Uí Bhraonáin agus Clann Uí Dhúgáin ar an fhód ó 1970, Grúpa a bhain gradaim idirnáisiúnta go leor as a gcuid Ceoil.

Cuirfear tús le ceiliúradh Ealaíon na Gaeltachta ar an chlár Bladhaire ón 3 go 5 le ceol agus comhrá le healaíontóirí agus feidhmeannaigh Ealaíon na Gaeltachta.

Beidh go leor imeachtaí eile ar siúl i gceantair Ghaeltachta na tíre ón lá inniu go dtí an 19ú lá mar chuid den cheiliúradh.