Cúram ar na bóithre
Moltar do thiománaithe a bheith cúramach ar bhóithre an Chontae maidin inniu agus go leor uisce ina luí ar dhromchla na mbóithre i ndiaidh fhearthainn na hoíche aréir agus maidin inniu.
Tá tuairiscí faighte againn go bhfuil tuilte in áiteanna ar bhealach Mhín an Iolair agus Dhún Lúiche agus go bhfuil bealach Ghort an Choirce chomh fada leis an Chrois Bhealaigh faoi uisce in áiteanna agus go bhfuil sé thar a bheith contúirteach i láthair na huaire.
Tá roinnt bóithre i gceantar Leitir Ceanainn faoi uisce maidin inniu chomh maith.
Tá moill ar eitilt na maidine ó Aerfort Dhún na nGall go hAerfort Bhaile Átha Cliath mar gheall ar chúrsaí aimsire.
Tá foláirimh aimsire stádais bhuí do ghaoth láidir agus fearthainn throm de bharr na stoirme Debi eisithe ag Met Éireann do chontae Dhún na nGall.
Tá an foláireamh i bhfeidhm go dtí a 3 a chlog inniu.
Tá baol tuilte tuartha ag Met Éireann agus d'fheadfadh smionagar a bheith ina luí ar bhóithre dá bharr na stoirme chomh maith.
Moltar do thiománaithe a bheith ar an airdeall agus iad ag taisteal maidin inniu.
Bás sna Dúnaibh
Bhí na seirbhísí éigeandála i láthair ag eachtra a tharla ag teach cónaithe sna Dúnaibh tráthnóna inné.
Fuarthas corp fir ina chuid 30idí sa teach cónaithe agus tugadh a chorp go marbhlann Otharlann Leitir Ceanainn le haghaidh scrúdú iarbháis.
Deir na Gardaí go mbeidh treo a bhfiosrúchán ag brath ar thorthaí an scrúdú iarbháis ach tuigtear nach bhfuil amhras ar bith faoina bhás.
Cíosanna is ísle i nDún na nGall
Tá an ráta cíosa ar theach cónaithe i nDún na nGall ar an ráta is ísle sa tír faoi láthair de réir tuairisc atá foilsithe ag DAFT.ie inniu.
Ba €1,122 sa mhí an meánchostas cíosa ar theach cónaithe i nDún na nGall sa tríú ráithe den bhliain seo de réir na tuairisce.
In ainneoin gur i nDún na nGall atá an ráta cíosa is ísle sa tír, tá ardú 20% ar an ráta cíosa sa Chontae i comparáid leis an tríú ráithe in 2022.
De réir Daft.ie, ganntanas tithíochta an chúis leis an ardú ar chostas cíosa.
Acmhainní an chósta ina áis pobail
Léiríodh ag Fóram Laurentic a bhí ar siúl sna Cealla Beaga ar na mallaibh go bhfuil go leor acmhainní in áiteanna iargúlta ar chósta Dhún na nGall gur féidir tógáil air.
Dúirt Meave Seoighe , Feidhmeannach le hÚdarás na Gaeltachta go bhfuil deiseanna fostaíochta agus forbartha sna hacmhainní seo, go háirithe dírithe ar Fheamainn , idir próiseáil agus fás feamainne.
Dúirt Maeve Seoighe gur fiú go mór freastal ar an Fhóram agus go bhfuil súil acu freastal ar an Fhóram i dTalamh an Éisc ar an bhliain seo chugainn agus eolas a fháil ar an obair atá ar siúl ansin.
Paidreacha don Mheán-Oirthear
Tá Easpag Dheoise Ráth Bhoth, an tEaspag Alan Mac Eochagáin, ag iarraidh ar phobal na tíre a bheith ag guí go rialta ar son na síochána sa Tír Bheannaithe.
I ráiteas ón Easpag Mac Eochagáin atá ina Chathaoirleach ar Chomhairle na nEaspag Um Cheartas agus Síochána d’iarr sé ar an phobal a bheith ag guí ar son na síochána agus ar son Mhuintir Iosrael agus na Palaistíne.
D’iarr sé ar phobal na tíre a bheith ag guí go háirithe dóibh siúd a fuadaíodh, a maraíodh, a gortaíodh agus a cuireadh amach as a dtithe cónaithe.
Ina theachtaireacht chomh maith d’iarr an tEaspag Mac Eochagáin ar dhaoine a bheith ag guí do na ceannairí uilig a bhfuil sé de dhualgas orthu a chinntiú go mbeidh muintir na Tíre Beannaithe in ann maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shuaimhneas.
Meath na Tuaithe
Beidh cruinniú poiblí á reáchtáil ag Teachta Dála Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, agus Feisire Eorpach an pháirtí, Chris Mac Manus sna Gleannta tráthnóna le dul i ngleic le meath na tuaithe.
Labhróidh an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallchóir chomh maith le hionadaithe ó ghrúpa pobail áitiúla le linn an chruinnithe.
Dúirt an Feisire Mac Manus go bhfuil réigiún an iarthuaiscirt, go háirithe Contae Dhún na nGall, thíos leis go mór le blianta mar gheall ar neamart agus easpa deiseanna.
Tá géarghá le hinfheistíocht shuntasach in infreastruchtúr agus i seirbhísí poiblí le dul i ngleic leis seo, a dúirt sé.
Cuirfear tús leis an chruinniú ar a 7 a chlog in Ionad Pobail na nGleanntach.