Tubaiste bóthair
Ba iad Alana Harkin agus Thomas Gallagher, ocht mbliana déag d'aois, an bheirt a maraíodh i dtimpiste bóthair i dTuaisceart Inis Eoghain moch maidin inné.
Ba as Gleann Daoile don bheirt agus bhí siad ag teacht abhaile óna gcuid oibre i mbialann áitiúil nuair a tharla an taisme.
Ba dhalta ardteistiméireachta i gColáiste Pobail Bhun an Phobail a bhí i Thomas Gallagher agus rinne Alana Harkin an scrúdú ardteistiméireachta i mbliana i bPobalscoil Charn Domhnach.
Daltaí scoile ón Úcráin
Tá 1,516 dálta ón Úcráin ag freastal ar scoltacha i gCo. Dhún na nGall faoi láthair - 919 dálta sna bunscoltacha agus 597 i scoltacha dara leibhéal.
Dúirt Martin Gormley, stiúrthóir scoltacha Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ag cruinniú inné go bhfuil ag éirí go maith leis na daltaí ach go bhfuil dúshláin i gcónaí le sárú.
Dúirt sé go raibh an Bord den tuairim ar dtús go mbeadh na daltaí sa chontae ar feadh tréimhse ghairid ach gur léir anois gur tréimhse fhadtéarmach atá i gceist.
Dúirt sé go gcruthaíonn an teanga i gcónaí dúshláin agus go bhfuil siad ar a ndícheall ag cur ranganna Béarla ar fáil do na daltaí.
Deiseanna forbartha pobail
Tá Plean Forbartha Eacnamaíochta agus Pobail á ullmhú ag Coiste DLDC, Coiste Áitiúil Forbartha agus Pobail Dhún na nGall don Chomhairle Contae faoi láthair.
Clúdófar na hearnálacha uilig atá tábhachtach don chontae sa phlean agus é mar aidhm an contae a chur chun cinn trí dheiseanna a chruthú agus scileanna a chur ar fáil don phobal.
Beifear ag díriú ar acmhainní nádúrtha an chontae, go háirithe ar an eacnamaíocht ghlas.
Dúirt Micheal O hÉanaigh ó Choiste DLDC a rinne cur i láthair do Choiste Iascaigh na Comhairle Contae gur dúshlán atá sa phlean ach go rachaidh sé chun sochair don chontae.
Fóram Laurentic
Tá Fóram Laurentic, dírithe ar chaomhnú agus ar fhorbairt pobail inbhuanaithe ar an chósta, ar siúl sna Cealla Beaga inniu.
Tá toscaireacht ón tír seo, ó Cheanada, ón Fhrainc, ó na Stáit Aontaithe agus ón Iorua ag freastal ar an imeacht in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh.
Díreofar ar Thurasóireacht Inbhuanaithe, ar an nGeilleagar Cruthaitheach agus ar an nGeilleagar Gorm le linn na comhdhála a mhairfidh 3 lá.