Beirt óga marbh i dtubaiste bóthair

Maraíodh fear agus bean óg sna déaga i dtimpiste bóthair in Inis Eoghain luath maidin inniu.

Tharla an timpiste ar bhealach an R238 i nGleann Daoile thart ar 12.30rn aréir.

Triúr a bhí sa charr ag an am agus ní raibh gluaisteán ar bith eile sa timpiste.

Tugadh fear eile sna déaga go hOtharlann Leitir Ceanainn ach tuigtear nach bhfuil a bheatha i mbaol.

Tá an bealach druidte faoi láthair agus tá Imscrúdaitheoirí Fóiréinseacha Imbhuailtí an Gharda Síochána le scrúdú a dhéanamh ar an láthair ar maidin.

Tá Gardaí Bhun Cranncha ag iarraidh ar dhuine ar bith a chonaic an timpiste nó ar thiománaí ar bith a bhfuil físeáin daischeamara acu agus a bhí ag taisteal an bhealaigh sin idir meán oíche agus a haon a chlog ar maidin é a chur ar fáil daofa.

Maoiniú do mhná de chuid an Lucht Siúil

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit a bhfuil cúram Sláinte Poiblí uirthi, Hildegarde Naughton, go bhfuil maoiniú á cheadú chun seirbhísí sláinte a chur ar fáil do mhná de chuid an lucht siúil atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean i réigiún sláinte an Iarthuaiscirt.  

Tá an maoiniú seo á chur ar fáil chun Oifigeach Forbartha Lánaimseartha do dhaoine gan dídean a fhostú i réigiún sláinte CHO1, a chlúdaíonn Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, an Cabhán agus Muineachán.

Beidh an té a cheaptar ag obair i gcomhar le seirbhísí éagsúla le feabhas a chur ar sheirbhísí sláinte do mhná de chuid an lucht siúil atá gan dídean agus lena chinntiú go mbeidh ionchur ag na mná sna cineálacha seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil daofa.  

Uisce Éireann sna Rosa

Tá fáilte curtha ag an Chomhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig roimh an dul chun cinn atá déanta ag Uisce Éireann agus an Chomhairle Contae ar phíopaí uisce úra a leagan ar an Chéideadh sna Rosa.

4 km de phíopaí úra le cur síos agus tá an togra ag an staid deartha faoi láthair. 

In ainneoin seo, tá díomá léirithe ag an Chomhairleoir Mac Giolla Easpaig faoin mhoill agus an easpa dul chun cinn a deir siad atá déanta i gceantair eile a bhfuil droch-chaighdeán uisce iontu mar gheall ar sheanphíopaí - Croithlí agus Glaise Chú ina measc.

Páirtí an Mhíoca

Tá sé beartaithe ag Páirtí Polaitíochta úr atá bunaithe i nDún na nGall - "An Páirtí Cúitimh 100%" - cruinnithe poiblí a reáchtáil sa chontae an tseachtain seo. 

Bunaíodh an páirtí mar gheall ar  dheacrachtaí  le míoca i dtithe sa chontae.  

Tá sé beartaithe Cumainn a bhunú le hiarrthóirí a roghnú le bheith páirteach sna toghcháin áitiúla agus san olltoghchán.

Beidh cruinniú poiblí anocht in Óstán an Station House i Leitir Ceanainn, agus san oíche amárach in Óstán Villa Rose i mBealach Féith agus beidh cruinnithe chomh maith níos moille sa tseachtain i gCarn Domhnach agus i mBun Cranncha.

Dúirt urlabhraí ón bpáirtí gur míoca an phríomhcheist a mbeidh siad ag díriú air, ach go mbeidh siad ag díriú ar cheisteanna eile atá tábhachtach don chontae fosta.