Bóthar Bhaile Bhuirne & Mhaigh Chromtha

Osclóidh an Taoiseach Leo Varadkar an stráice deireanach de Sheachbhóthar Bhaile Bhuirne agus Mhaigh Chromtha go hoifigiúil inniu.

Sin é an stráice ó Thonn Láin, lastoir de Bhaile Mhic Íre, dtí'n Sliabh Riabhach, laistiar de Bhaile Bhuirne.

Tá stráice Mhaigh Chromtha den seachbhóthar ar oscailt anois le bliain anuas.

22 km ar fhad atá an bóthar nua agus luach €280 milliún luaite leis, an togra bóthair is mó a tógadh riamh in aon cheantar Gaeltachta.

Is ar a 1pm inniu a bheidh an searmanas oscailte.

"Praghas ró-ard" ar 1,400 acra ar an gConair

Níl aon suim ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na hÉireann dul chun cainte le díoltóir an ghabháltais 1,400 acra ar an gConair sa Leitriúch, a fhad is gurb é €10 milliún an praghas atá á éileamh air.

Sin a deir urlabhraí Chomhaontas Glas i gCorca Dhuibhne Peadar Ó Fionnáin.

Ar Adhmhaidin deir sé go bhfuil an cheist pléite aige leis an Aire Stáit Malcolm Noonan a dúirt leis go bhfuil an tSeirbhís i mbun cainte le húinéirí talún ar fuaid na tíre maidir le talamh a cheannach, ach nach fiú dóibh teagmháil a dhéanamh le húinéir na Conarach mura bhfuil praghas níos réasúnta á éileamh.

Tá achainí idirlín nua seolta ar an suíomh feachtais Uplift.ie i bhfoirm litir oscailte go dtí úinéir na talún Michael Noonan ag impí air an talamh a dhíol leis an Stát ar phraghas réasúnach.

Fuíolluisce Uíbh Ráthaigh

Is léir go bhfuil méadú ollmhór ag teastáil ar na hacmhainní atá á gcur ar fáil chun dul i ngleic leis an bhfuíolluisce neamh-chóirithe atá ina bhaol ar an tsláinte in Uíbh Ráthach dar le Comhairleoir Fhianna Fáil Michael Cahill.

Deir sé go n-aontaíonn an tuarascáil a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil le déanaí leis, nach leor a bhfuil á dhéanamh ag Uisce Éireann agus go bhfuilid rómhall ag tabhairt fé fhorbairt scéimeanna cóirithe fuíolluisce.

Tá 5 bhaile in Uíbh Ráthach ar liosta na 25 baile sa chontae atá aontaithe ag Uisce Éireann le Comhairle Chontae Chiarraí don gclár infheistíochta caipitil 2025-2029, ach deir an Comhairleoir Cahill go bhféadfadh go mbeadh 6 nó 7 de bhlianta ann sula gcuirfear aon cheann de na tograí sin i gcrích.

"Áiseanna ar nós an tríú domhan atá in áiteanna áirithe in Uíbh Ráthach" a dúirt sé "agus tá gníomh práinneach de dhíth sula dtarlóidh tubaiste sláinte nó timpeallachta".

Tionóisc ar an M8

Bhí tionóisc aréir ar mhótarbhealach an M8 ag Cill Uí Dhonnchú i gCorcaigh nuair a bhuail 4 charr i gcoinne a chéile.

Tharla sé timpeall 6.30in tráthnóna inné agus d’fhreastail na Gardaí agus roinnt aonad ó Bhriogáid Dóiteáin Chorcaí ar an láthair.

Tuairiscítear nár bhain aon ghortaithe tromchúiseacha d’éinne.

Slógadh ar son na Palaistíne

Tá ionadaí Shinn Féin i mBaile an Chollaigh Joe Lynch ag iarraidh ar an bpobal freastal ar léirsiú poiblí a bheidh ar an mbaile tráthnóna chun tacaíocht a léiriú do mhuintir na Palaistíne.

Tá nach mór 4,000 leanbh maraithe i nGaza a dúirt sé, agus ní mór sos cogaidh agus próiséas síochána a chur sa tsiúl chun deireadh a chur leis an ár.

D’iarr sé ar Rialtas na hÉireann agus ar an bpobal idirnáisiúnta gach modh taidhleoireachta agus polaitiúil a úsáid chun an cás a chur go gcuirfí deireadh le gníomhartha míleata, go scaoilfí saor na gialla atá tógtha ag Hamas, agus go dtabharfaí fóirithint dhaonnúil do mhuintir Ghaza.

Sé seo an 4ú léirsiú atá eagraithe i mBaile an Chollaigh ar son na Palaistíne a dúirt Joe Lynch.

Beifear ag bailiú le chéile ar an bpríomhshráid ag a 6 tráthnóna.