Ceantair chaomhnaithe speisialta
Masla atá sa chinneadh ceantair chaomhnaithe speisialta a dhéanamh de thrí cheantar farraige, Iarthuaisceart Mhuir Éireann ina measc, a deir Cumann Iascairí na gCealla Beaga.
Dúirt Príomhfheidhmeannach an Chumainn, Seán O'Donoghue, go gcuirfeadh an cinneadh isteach go mór ar iascairí agus nach raibh comhairliúchán ar bith leo faoin cheist.
Tá an Cumann ag iarraidh go dtabharfadh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an tAire Stáit Oidhreachta agus Dúlra Malcolm Noonan eolas ar an chineál anailíse a bhí ar bun acu.
"Saol ar an Mhachaire"
Beidh Ceardlann ag an Togra "Saol ar an Mhachaire" i gcomhar le Fáilte Ireland agus Teagasc sa Chrannóg i nDoirí Beaga anocht le heolas a thabhairt ar na hiarrachtaí atá ar bun an dúiche i Machaire Gathlán a chosaint agus a chaomhnú.
Tá an togra dírithe ar dhá cheantar cósta sa chontae - Machaire Gathlán agus Trá Mhór Dhún Fionnachaidh.
Béarfar eolas ar an dúlra ansin, na héanacha, ainmhithe, feithidí chomh maith le plandaí agus luibheanna atá le fáil ansin agus ar an tábhacht iad a chosaint.
Béarfar eolas chomh maith ar dhóigheanna le turasóireacht inbhuanaithe a fhorbairt.
Dúirt Máire Nic Fhearraigh, Oifigeach Caomhnaithe an Togra go mbeadh glór an phobail lárnach ann.
Beidh an cruinniú ar siúl sa Chrannóg anocht ar 7 a chlog.
CLG
Beidh ócáid ar siúl ag CLG Dhún na nGall maidin inniu in Óstán na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, nuair a dhéanfar geansaithe úra d’fhoirne peile agus iománaíochta an chontae a sheoladh go hoifigiúil.
Is é comhlacht O’Neill príomh-urraitheoir na ngeansaithe agus tá urraíocht á déanamh fosta ar na geansaithe ag comhlachtaí Circet, Grúpa MCR agus Óstán na Mainistreach.
Táthar ag súil go mbeidh na geansaithe sna siopaí faoi lár na míosa agus luach idir €53 go €75 orthu.
Réalta Óg na Bliana
Bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana ar Cholm Mac Giolla Easbaic as Gaoth Dobhair aréir ag Ócáid Bhronnta na nGradam Cumarsáide ag Oireachtas na Samhna.
Sa Chomórtas Liteartha don Scríbhneoir Fásta, bronnadh an dara háit ar Chathal Ó Searcaigh as Mín an Leá.
Bronnadh an chéad áit ar Sheán Ó Dubhchon as Machaire Rabhartaigh sa Chomórtas Liteartha Saothair do Dhaoine Fásta.
Bhain Niamh Nic Pháidín, as Bun an Inbhir, an dara háit sa chomórtas iriseoireachta faoi aon bhliain is fiche agus bhain Kevin Mac Uiginn as Croithlí, Gaoth Dobhair an dara háit sa chomórtas scéalaíochta faoi shé bliana déag.