Oireachtas

Deir Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, go bhfuil Oireachtas na Gaelainne éirithe chomh mór anois go bhfuil gá le tuilleadh imeachtaí réigiúnacha a fhorbairt i dtaca le Mór-Fhéile na Samhna.

Ag labhairt di ar Adhmhaidin inniu dúirt sí go bhfuil spéis léirithe ag 6 cinn de bhailte ar fuaid na tíre in Oireachtas na bliana 2025, agus go bhfuil go dtí deireadh mhí na Samhna acu a gcuid iarratas a chur isteach.

Gradaim

Tá dornán gradaim i seilbh na Muimhneach tar éis ghradaim chumarsáide an Oireachtais aréir.

Bhuaigh Sinéad Ní Uallacháin ó Bhaile an Éanaigh an gradam do phearsa teilifíse na bliana, agus is é Brian Tyers as Corcaigh Craoltóir Solabhartha na Bliana.

Bhuaigh an scannán Róise & Frank, a deineadh i gceantar Gaeltachta na nDéise, an gradam do scannán na bliana.

Speilp agus díothacht

Tá ceantar na Muirí agus Bhaile na nGall ar an gceantar is mó speilpe i gceantair Ghaeltachta na Mumhan, de réir innéacs díothachta na heagraíochta, Pobal, a foilsíodh inniu.

Tá páirt de thoghroinn an Daingin i lár an bhaile, gustalach go maith chomh maith, dar le POBAL.

Tá ceantar Dhoire Ianna in Uíbh Ráthach ar an gceantar is mó fé mhíbhuntáiste sa Ghaeltacht ó dheas.

I Múscraí is iad muintir Chill na Martra is mó rachmais, agus sna Déise tá toghroinn Bhaile Mhic Airt beagáinín fén meán naisiúnta, agus toghroinn na Rinne beagán ós a chionn.

Bealach Glas

Deir Bonneagar Iompair Éireann go mbeidh deireadh 2026 ann, ar a luaithe, sara mbeidh an stráice de Bhealach Glas Uíbh Ráthaigh idir Cathair Saidhbhín agus An Rinn Ard, críochnaithe.

Fágadh an 4km den mbealach ar lár ón gcead pleanála a tugadh don mbealach, ar chúinsí timpeallachta, agus caithfear é a athdhearadh.

Tá réamhoibreacha tosnaithe ar an 27km idir Gleann Beithe agus Cathair Saidhbhín, agus tá súil le príomhchonraitheoirí a fháil chun an Bealach Glas a thógaint sa dara ráithe den mbliain seo chugainn.

Iarrthóirí tearmainn

Deir an Comhairleoir Contae Niall Botty O'Callaghan go bhfuil leordhóthain déanta ag Cill Airne cheana d’iarrthóirí tearmainn agus do theifigh, agus é fógartha go mbeidh a thuilleadh fós ag teacht chun cónaithe ar an mbaile.

Tugadh le fios d’ionadaithe tofa an bhaile go bhfuil deichniúr is trí fichid le cur ar lóistín sa Harmony Inn ar bhóthar Mhucrois, agus deir an Comhairleoir O’Callaghan go bhfuil dóthain ann cheana.

Deir sé go bhfuil 40% de lóistín turasóireachta Chill Airne in úsáid ag teifigh nó iarrthóirí tearmainn, agus 3000 Úcránach ag cur fúthu ar an mbaile fé láthair.