Otharlann Leitir Ceanainn
Thug urlabhraí Sláinte Shinn Féin, an Teachta Dála David Cullinane, cuairt ar Otharlann Leitir Ceanainn tráthnóna inné, áit ar chas sé le dochtúirí teaghlaigh, dochtúirí comhairleacha agus oibrithe sláinte na hotharlainne.
I ndiaidh a chuairte, dúirt an Teachta Cullinane nach raibh go leor maoinithe á chur ar fáil d'Otharlann Leitir Ceanainn agus go bhfuil deacrachtaí ann ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh oibrithe a choinneáil.
Dúirt sé go bhfuil géarghá le hinfheistíocht shuntasach a dhéanamh san otharlann le sábháilteacht othar a chinntiú.
Cógaslanna
Tá an baol ann go ndéanfar cógaslanna i gceantair thuaithe a dhruid nó go ndéanfar uaireanta oscailte na gcógaslann a laghdú mura gcuirfidh an Roinn Sláinte tuilleadh infheistíochta ar fáil do Phoitigéirí, a dúirt Rúnaí Aontas Cógaiseoirí na hÉireann, Tom O Muirígh.
Chas an Cumann leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly ar na mallaibh áit ar léirigh siad an tábhacht tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil daofa.
Dúirt Tom O Muirígh gur gearradh siar ar an mbuiséad sa bhliain 2009 agus go bhfuil sé thar am tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil daofa.
Éireoidh cúrsaí níos measa mura gcuirfear tacaíocht ar fáil agus is iad othair i gceantair thuaithe a bheas thíos leis, a dúirt sé.
Dúirt Tom O Muirigh fosta gur cheart cead a thabhairt do phoitigéirí cógais dírithe ar ghalair bhunúsacha mar shlaghdán a dháileadh.
Uisce Éireann
Chinntigh Oifigigh ó Uisce Éireann do Chathaoirleach Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach,an Comhairleoir Michael Mc Clafferty, go mbeidh cruinniú ag Uisce Éireann leis an Choiste ar an chéad lá de mhí na Samhna.
Dúirt an Comhairleoir Mc Clafferty go gcaithfeadh Uisce Éireann an cheist maidir le hIonad Cóireála Séarachais don Fhál Carrach a bhrú chun tosaigh, mar go bhfuil géarghá lena leithéid.
Dúirt sé go gcaithfear deireadh a chur leis na ráitis agus beartais a chur i bhfeidhm le tús a chur le Ionad Cóireála Séarachais.
Chomh maith le hIonad an Fháil Charraigh, dúirt Uisce Éireann go bpléifear Ionad Cóireála Séarachais Dhún Fionnachaidh/Phort na Bláiche chomh maith leis na socruithe píopaí úra uisce a leagan ar fud Cheantar Bardais na nGleanntach.
Bóithre
Tá Gardaí Dhún na nGall ag impí ar thiománaithe a bheith cúramach ar na bóithre an deireadh seachtaine saoire bainc seo.
Iarrtar ar thiománaithe luas a mhoilliú, gan a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí agus crios sábháilteachta a chaitheamh i gcónaí.
Tá sé curtha in iúl ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre an tseachtain seo gur maraíodh 155 duine ar bhóithre na tíre go dtí seo i mbliana.
Is ionann an figiúr sin agus líon iomlán na ndaoine a maraíodh ar bhóithre na tíre anuraidh, agus níos mó ná dhá mhí fágtha go deireadh na bliana a dúirt an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.