Fianna
Deir an TD Danny Healy Rae gur mionainmhí gan tábhacht atá san fhia Seapánach (Sika) atá iomadúil i gCiarraí, agus ná cás deireadh ar fad a chur leo.
Dúirt Teachta Chill Garbhán an méid sin sa Dáil an tseachtain seo, agus é ag maíomh go bhfuil beatha daoine á gcur i mbaol ar bhóithre Chiarraí toisc go bhfuil líon na bhfianna dulta thar ceart.
Dúirt sé go bhfuil muintir an chontae ana-cheanúil ar na fianna rua atá sa chontae agus go bhfuil gach éinne ag iarraidh iadsan a chaomhnú, ach nach mbraitheann siad amhlaidh fén bhfia Seapánach.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar, go bhfuil an scéal á fhiosrú ag an Aire Stáit Malcolm Noonan.
Múscraí
Deir Bainisteoir Chomharchumann Forbartha Mhúscraí, Caroline Ní Nualláin, go bhfuil sí ana-shásta ar fad go bhfuil Gaeltacht Mhúscraí mar chuid de Phlean Cuairteora Iarthar Chorcaí agus Neidín a seoladh inné mar go dtugann a rannpháirtíocht sa phlean aitheantas ar leith agus tacaíocht, achmhainní agus tábhacht don gceantar Gaeltachta.
Tá súil ag Oifigeach Turasóireachta Mhúscraí, Iarla Ó Tuama, suíomh idirlín nua faoina bhfuil ar fáil i Múscraí a bheith ullamh an tseachtain seo chugainn.
Plean Teanga
Léirítear in eolas a cuireadh i láthair an chruinnithe phoiblí fé Phlean Teanga Uíbh Ráthaigh a tionóladh i gCeann Eich aréir, nach amháin go bhfuil borradh ar líon na gcainteoirí Gaelainne sa cheantar, ach go bhfuil méadú tagtha leis ar na deiseanna chun an teanga a labhairt.
Bhí méadú 10% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaelainne i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh i ndaonáireamh na bliana seo caite.
Ba shin an dara méadú ba mhó i measc na Limistéar Pleanála Teanga go léir, agus an chéad uair ó tosnaíodh ar dhaonáirimh, go dtáinig méadú ar líon na gcainteoirí Gaelainne in Uíbh Ráthach.
Robáil
Tá fear gafa ag na Gardaí fé robáil armtha a tharla i siopa i nDún Garbhán arú inné.
Cuireadh fios orthu tráthnóna Dé Céadaoin tar éis d'fhear suim airgid a ghoid, agus faobhar ina sheilbh aige, ó shiopa ar Shráid Emmett.
Gabhadh fear ina 30idí de bhlianaibh tamaillín ina dhiaidh san agus fuarthas suim airgid ina sheilbh.
Tá sé le teacht os comhair na cúirte ar maidin.
Tá imní léirithe ag scata sna hIardhéise le cúpla mí anuas go bhfuil eachtraí gadaíochta dulta i méid le déanaí.
Tionóiscí bóthair
Thug an Cigire Garda Gary Carroll le fios ag Cruinniú de Chomhchoiste Póilíneachta Chiarraí le déanaí gur tharla nach mór 1400 tionóisc bhóthair i gCiarraí go dtí seo i mbliana, agus ochtar caillte dá mbarr.
Tharla 126 tionóisc gur bhain mionghortuithe leo, 29 le gortaithe tromchúiseacha, agus 8 dtionóisc inar cailleadh beatha.
Dúirt an Cigire Carrol gurb é an rud is measa fé na figiúirí seo, ná go bhfuil ochtar caillte i mbliana, an líon céanna le 2022 ar fad, ach 17% níos mó ná an líon daoine a cailleadh ar bhóithre Chiarraí in 2021.