Otharlann Leitir Ceanainn

Dheimhnigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly i ráiteas inniu go mbeidh Aonad Bainistíochta agus Feabhsúchán Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag bogadh go hOtharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo le tacú le foireann bainistíochta na hotharlainne aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá san Otharlann agus san Aonad Éigeandála i láthair na huaire.

Deir an tAire Donnelly go mbeidh an fhoireann ag obair le bainistíocht na hotharlainne lena chinntiú go gcuirfear beartais i bhfeidhm chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí d'othair san Otharlann.

Deirtear sa ráiteas go mbeidh an tAire Donnelly ag obair i gcomhar le foireann na Feidhmeannachta in iarracht réiteach a fháil ar na deacaireachtaí atá san Otharlann agus lena chinntiú go mbeidh an cúram práinneach agus éigeandála á chur ar fáil d’othair a bhfuil sé ag teastáil uatha.

Léirigh an tAire Donnelly imní faoin ardú atá tagtha ar líon na ndaoine a rinne freastal ar an Otharlann go dtí seo i mbliana.

Rinne níos mó ná 40,000 duine freastal ar an Aonad Éigeandála ó mhí Eanáir go mí Mheán Fómhair i mbliana sin ardú 13% ar an tréimhse chéanna anuraidh agus ardú 25% i gcomparáid leis an bhliain 2019.

Dheimhnigh an tAire Donnelly go mbeidh sé féin ag taisteal go hOtharlann Leitir Ceanainn amach anseo.

Dhiúltaigh Dochtúirí na Contae cruinniú a bheith acu leis an Aire ar líne inniu mar gur dhúirt siad go raibh sé tábhachtach do ndéanfadh an tAire freastal ar an otharlann leis na deacaireachtaí a fheiceáil é féin.

Lóistín do dhídeanaithe

Dheimhnigh IPAS, an dream a bhíonn ag cur lóistín ar fáil dóibh siúd a thagann go hÉirinn ag lorg tearmainn, do Nuacht an Tuaiscirt go bhfuil siad ar an eolas faoi ionsaithe a líomhnaítear a tharla i Loch an Iúir ag an deireadh seachtaine.

Líomhnaítear gur stop carr a raibh ceathrar fear inti i Loch an Iúir agus gur ionsaí siad beirt teifeach atá ag cur fúthu i dteach i Loch an Iúir agus iad ag siúl an bhealaigh.

Deir IPAS gur ceist é don Gharda Síochána ionsaithe den mhacasamhail sin a líomhnaítear a tharla taobh amuigh d’ionaid IPAS, in áit phoiblí, a fhiosrú.

Deirtear sa ráiteas fosta go ndéanfaidh IPAS a chinntiú i gcásanna mar seo go bhfuil tuairisciú iomlán déanta faoin eachtra agus go gcuirfidh an tacaíocht chuí ar fáil do na cónaitheoirí atá i gceist.

Drochbhail ar ainmhithe

I gCúirt Chuarda Leitir Ceanainn tráthnóna inné gearradh téarma príosúnachta bliana ar fhear as Leitir Ceanainn as drochbhail a chur ar ainmhithe.

B’éigean searrach cúpla lá d’aois a bhí ag Danny Connors, 49 bliain d’aois le seoladh ag Bealach na Canálach, Leitir Ceanainn, a chur síos mar gheall ar ghortaithe a bhain de.

Bhí Danny Connors amuigh ag ól nuair a rinne madaidh ionsaí ar an tsearrach, ar an 16 Eanáir 2020.

Thug Gardaí agus Cigire an ISPCA fianaise gur dearnadh faillí i gcúram an ainmhí, agus nár cheart na madaidh a bheith ligthe gar do shearrach óg.

Cuireadh an searrach, agus an dá mhadadh síos.

Phléadáil Danny Connors, a ciontaíodh 35 uair roimhe seo, ciontach as drochbhail a chur ar ainmhithe.

Ghearr an Breitheamh John Aylmer téarma príosúnachta dhá bhliain ar Danny Connors, le bliain amháin ar fionraí.

Rialaigh an Breitheamh fosta go gcaithfidh Connors staonadh ó alcól.

Cuireadh cosc air ainmhithe a choinneáil go ceann 5 bliana.

Poitigéirí

Tá rabhadh á thabhairt ag Poitigéirí i nDún na nGall don phobal gan cógais a cheannach ar líne.

Dúirt an Poitigéir Tom Ó Muirigh, Ciste Chumann Poitigéirí na hÉireann go bhfuil eolas faighte acu go bhfuil ardú tagtha ar chógais atá á gceannach ar líne, rud atá fíor-chontúirteach mar nach bhfuil cigireacht cheart á déanamh ar na cógais.

Dúirt sé go bhfuil sé tagtha chun solais go bhfuil an peann Ozempic a chuidíonn le daoine a bhfuil Diaibéiteas orthu, a cheannach ag daoine ar líne i Sasana, rud atá fíor-chontúirteach agus tá sé ag iarraidh a chinntiú nach dtarlóidh sin sa tír seo.

Tá ganntanas Ozempic sa domhan agus baineann daoine úsáid as an druga fosta le meáchan a chailleadh a dúirt sé.

Dúirt Tom Ó Muirigh nár cheart cógais ar bith a cheannach ar líne ach iad a cheannach ó Shiopaí Poitigéara amháin.

Turasóireacht

Dúirt Máire Ní Chasaide, Bainisteoir Ionad Shliabh Liag gur bhfiú go mór freastal ar an Chomhdháil a reáchtáil Cumann an IVEA an tseachtain seo i gContae an Chláir.

Seo grúpa a bhíonn ag déileáil le gnónna turasóireachta ar fud na tíre.

Rinne ionadaithe ó Theach Solais Fhanáda agus Ionad Cois Locha Dhún Lúiche freastal ar an Chomhdháil chomh maith.

Dúirt sí go bhfuil nasc cruthaithe ag gnónna i gContae an Chláir agus iad ag feidhmiú as lámha a chéile agus go bhfuil féidearthachtaí móra sa Chontae seo tabhairt faoina leithéid fosta.

Dúirt Máire Ní Chasaide go bhfuair siad deis bualadh le dreamanna eile agus foghlaim uatha agus eolas a fháil ar na córais atá in úsáid acusan le spriocanna úra a bhaint amach.