Oifigeach Pleanála Teanga

Deir Oifigeach Pleanála Teanga Chorca Dhuibhne, John Prendergast, gur mór an chéim ar aghaidh í go mbeidh an t-aitheantas agus an cúiteamh iomlán á fháil ag an tarna oifigeach pleanála teanga sa dúthaigh, in áit an róil chúnta a bhí i gceist go dtí seo.

In agallamh don gclár Adhmhaidin inniu, deir sé go gcabhróidh sé sin leis na pleananna teanga daoine a mhealladh chun teacht agus chun fanacht ag obair leo.

Evie Nevin

Deir iarrthóir pháirtí an lucht oibre i dtoghhcheantar an Sciobairín, Evie Nevin, go bhfuil sé deacair a chreidiúint go bhfuil cosc earcaíochta fógartha ag an rialtas sa tseirbhís sláinte, go háirithe agus borradh breoiteachta an Gheimhridh chugainn.

Má tá ró-chaiteachas agus sárú buiséid sna seirbhísí sláinte, ní ar na dochtúirí ná ar na haltraí is ceart an milleán a chur ach ar an mbainistíocht a dúirt sí.

Má tá liostaí feithimh ag dul i bhfad agus brú ar an bhfoireann oibre, 'sea is measa a bheidh an fhadhb má chuirtear bac ar an earcaíocht, a dúirt sí.

Tá sí féin i measc 900,000 duine in Éirinn atá ar liosta feithimh, a dúirt Evie Nevin, agus í ag fanacht le coinne le hos cionn seacht mbliana go leith.

Cumann Lúthchleas Gael

Bhí cruinniú ag clubanna Chumann Lúthchleas Gael Chiarraí i dTrá Lí aréir chun tomhas a fháil ar thuairimí na bhfo-chumann maidir le haois na mionúr don mbliain 2024.

Nuair a tógadh vóta táscach ar an gceist, vótáil 22 chumann go bhfanfadh rudaí mar atá, ‘sé sin aois na mionúr a fhágaint ag 17 mbliana agus gan cead imeartha acu i ngrád na sinsear.

Vótáil 29 gcumann go raghadh aois na mionúr in airde go 18 mbliana, gan cead imeartha i ngrád na sinsear, agus vótáil 10 gcumann go raghadh aois na mionúr in airde go 18 mbliana agus go mbeadh cead nó rogha ag an imreoir imirt i ngrád na sinsear.

Níl feidhm leis an vóta a tógadh aréir ach tugadh éachtaint do Bhord an Chontae ar mhianta na bhfo-chumann agus beifear ag vótáil ar an gceist ag cruinniú choiste Chumann Lúthchleas Gael Chiarraí an mhí seo chughainn.

Feirmeoirí

Deir an tAire Oideachais agus Teachta Chiarraí Norma Foley go bhfuil 6,273 feirmeoir i gCiarraí a bhainfidh leas as na híocaíochtaí a d'fhógair an tAire Talmhaíochta Charlie McConalogue inné.

‘Siad so na híocaíochtaí fés na scéimeanna Tacaíocht Bunioncaim don Inmharthanacht nó BISS agus fén scéim Athdháilithe CRISS.

Tá feirmeoirí ag cáiseamh le tamall an mhoill atá ar na híocaíochtaí seo i mbliana.

Deir an Roinn Talmhaíochta go gceart go gcífí airgead i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí fé cheann cúpla lá, agus iarrann siad ar éinne nach bhfuil an cháipéisíocht ar fad curtha isteach acu, é sin a dhéanamh ionas gur féidir iad a íoc.

Scrúduithe tiomána

Tá na liostaí fada feithimh do scrúduithe tiománaithe cáinte sa Dáil ag an dTeachta Dála Michael Collins ó Chorcaigh Thiar Theas.

Luaigh sé ionad tástála Thrá Lí go sonrach, agus daoine ag feitheamh 45 seachtaine chun a scrúdú tiomána a dhéanamh. Conas, a dúirt an Teachta Michael Healy Rae ag tacú leis, ar féidir le daoine óga dul an coláiste, nó dul ag obair, nuair ná féidir leo fiú cairt a thiomáint ina n-aonar leis an moill atá curtha orthu ag na liostaí feithimh.

Á bhfreagairt, d’admhaigh an tAire Stáit sa Roinn Iompair Jack Chambers, go bhfuil an t-am rófhada, ach tá scrúdaitheoirí breise fostaithe a dúirt sé, agus fóstófar triúr déag eile ar fuaid na tíre an mhí seo chugainn. Cé gur go mall féin é, táthar ag dul i ngleic leis an scéal, a dúirt sé.

Féile na nÓg

Tá tús curtha le Féile na nÓg i gCorca Dhuibhne, le stáitse do leanaí bunscoile agus iar-bhunscoile.

Aréir bhí timpeall céad leanbh ar stáitse in Áras Bréanainn ar an mBuailtín don gcuid den bhféile nach comórtas é, agus amhráin agus aithriseoireacht á gcur acu os comhair an tslua.

Anocht a chuirfear tús leis na comórtaisí: beidh agallaimh beirte, lúibíní agus scéalaíocht ar bun anocht, agus beidh na comórtaisí amhránaíochta ar bun oíche amárach.

Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin

Tá na Ceoltóirí is na hamhránaithe fógartha a bheidh i mbun siamsaíochta ag Coirmcheoil Éigse Dhiarmuid Uí Shúilleabháin i gCúil Aodha i dtús mhí na Nollag.

Beidh leithéidí Mary Bergin, Nell Ní Chróinín, Jim Murray, Eamonn McGivney agus Peadar Ó Riada agus scata eile ar stáitse.

Tá ticéadaí ar díol don gcoirm, a bheidh in Áras Éamonn Mac Suibhne ar an Sathran, an dara lá don Nollaig ar a 8 a chlog.