Iascach

Beidh cruinnithe poiblí ar siúl sa chontae inniu le straitéis úr a fhorbairt do cheantar Thuaisceart FLAG, tá FLAG dírithe ar ghrúpaí gníomhaíochta iascaigh ar an Chósta.

Beidh cruinnithe ar siúl inniu in Óstán Tara, sna Cealla Beaga óna 11 a chlog go dtí an 1 agus ansin in Óstán Mount Errigal, Leitir Ceanainn idir 2 agus 6 a chlog.

Beifear ag lorg tuairimí ag na cruinnithe ar na tacaíochtaí atá de dhíth le forbairt agus postanna a chinntiú i gceantair ar an chósta.

Beifear ag plé na n-acmhainní agus buntáistí atá sna ceantair chomh maith leis na dúshláin atá le sárú.

Lóistín do dhídeanaithe

Dúirt urlabhraí ón Roinn Comhionannais le Nuacht an Tuaiscirt nach bhfuil gearáin ar bith faighte ag IPAS, an dream a bhíonn ag soláthar lóistín daofa siúd a thagann go hÉirinn ag lorg tearmainn, faoi choinníollacha maireachtála nó cúrsaí bia ó dhaoine atá ag cur fúthu in ionad lóistín i Loch an Iúir.

Dúirt an t-urlabhraí go bhfuil foireann ó IPAS le clinic a reáchtáil do dhaoine san ionad lóistín i Loch an Iúir sna seachtainí romhainn le labhairt leo faoi imní ar bith atá acu faoi choinníollacha ansin.

Ar an tseachtain seo a chuaigh thart, tuairiscíodh go raibh cuid de na daoine sa teach ar stailc ocrais agus iad ag gearán faoi na coinníollacha a cuireadh ar fáil daofa ann.

Feachtas Turasóireachta

Sheol Rannóg Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall Feachtas Turasóireachta an Gheimhridh i Leitir Ceanainn ar na mallaibh.

Is é an aidhm atá leis an fheachtas ná an séasúr turasóireachta a leathnú go míonna an Fhómhair agus an Gheimhridh.

"Dún na nGall- Is libhse í" téama an fheachtais atá dírithe ar ghnónna a chuireann áiseanna agus seirbhísí ar fáil do thurasóirí.

Tá eolas i bhfíseáin a sheol Rannóg Turasóireachta na Comhairle Contae ar phríomh-áiteanna turasóireachta an chontae, chomh maith le háiteanna nach bhfuil chomh aitheanta nó áiteanna nach bhfuil an oiread iomrá orthu agus ag díriú ar na hacmhainní nádúrtha, radharcanna tarraingteacha agus seirbhísí atá sa chontae.

Costais atógála

Tá costais atógála tithe ardaithe 12% ar a mheán i réigiúin an Iar-Thuaiscirt le bliain anuas, de réir eolais ó Shuirbhéirí Cairte na hÉireann.

Sa treoirleabhar atógála is deireanaí atá foilsithe acu, deir siad go bhfuil ganntanas oibrithe agus éileamh ard ar thógálaithe ag cruthú na n-arduithe seo sna costais atógála.

D'ardaigh costais atógála i nDún na nGall, Sligeach, Liatroim agus Maigh Eo ó 2,041 euro do gach méadar cearnach anuraidh go 2,280 euro do gach méadar cearnach.

Deir Suirbhéirí Cairte na hÉireann nach bhfuil an scála costais seo bainteach leo siúd a bhfuil míoca ina dtithe agus iad ag fanacht ar chúiteamh don atógáil, mar go bhfuil critéir eile i gceist leis na tithe sin.