Togra an Earagail

Tá sé tugtha le fios ag an chomhlacht innealtóireachta McGowan Teoranta go bhfuil Togra an Earagail críochnaithe acu.

Bhí obair ar siúl le bliain go leith le cosán cloiche a thógáil ón charrchlós suas an sliabh, fad trí chiliméadar.

Baineadh úsáid as ingearáin le hábhar a iompar go barr an tsléibhe.

€630,000 a chosain an togra.

Riachtanais Speisialta

Dúirt an Teachta Dála Joe McHugh go bhfuil géarchéim sa chontae maidir le heaspa foirne agus trealaimh le freastal ar pháistí a bhfuil Riachtanais Speisialta acu.

Dúirt sé sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil bearnaí móra sa tseirbhís agus go bhfuil sé fíorthábhachtach tacaíocht a thabhairt go práinneach do na páistí atá thíos leis.

Dúirt an Teachta McHugh gur ábhar dóchais an freagra a thug an tAire Anne Rabbitte air agus na gealltanais a thug sí go gcuirfidh sí brú ar an Rialtas níos mó foirne agus cuidithe a thabhairt don Ghréasán Tuismitheoirí atá bunaithe le tacaíocht a thabhairt do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu i nDún na nGall.

Tithíocht

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag tairiscint cruinnithe do thionóntaí a fuair fógra díshealbhaithe i dtithe in eastát Bhaile Mhic Cumhaill i Leitir Ceanainn an tseachtain seo a chuaigh thart.

Dúirt an Chomhairle go mbeadh siad sásta bualadh leis na tionóntaí, duine ar dhuine, lena gcuid riachtanais tithíochta a phlé.

Naoi gcinn déag de theaghlaigh atá le díshealbhú óna dtithe mar go bhfuil na tithe le díol ag an tiarna talún.

Idir an dá linn, tá iarratas ar chead pleanála le heastát tithíochta úr, a bhfuil 52 teach ann, a thógáil in eastát tithíochta Bhaile Mhic Cumhaill curtha faoi bhráid na Comhairle.

Ionad Pobail

Ta tús curtha leis an obair ar an chéad céim den síneadh le carrchlós ag Ionad Pobail Mhachaire Rabhartaigh.

Dúirt Síle Uí Fhearraigh, Bainisteoir an ionaid, nach bhfuil ach cúig spás déag sa charrchlós faoi láthair agus go mbíonn ar dhaoine páirceáil ar thaobh an bhealaigh mhóir agus siúl fhad leis an ionad nuair a bhíonn imeacht ar siúl acu, rud atá contúirteach.

Nuair a bheidh an togra críochnaithe, beidh spás ann do 45 carr, a dúirt sí.

€102,000 euro a chosnóidh an chéad chéim agus tá 75% den mhaoiniú sin curtha ar fáil ag scéim Leader fríd Údarás na Gaeltachta agus cruinníodh an chuid eile go háitiúil.

Cosnódh an obair ina iomláine €250,000.

Fiontar na mBan

Beidh ócáid ar siúl i mBaile Dhún na nGall tráthnóna inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Náisiúnta Fiontar na mBan.

Beidh an ócáid, atá eagraithe ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, ar siúl in Óstán Loch Eske idir 5.30pm agus 9.30pm tráthnóna inniu.

'Ag Cumasú Gnó le Chéile' téama na hócáide.

Is í Anna Geary, láithreoir agus iar-imreoir camógaíochta le Corcaigh a bheidh ina Bean an Tí agus beidh painéal cainteoirí, ina measc, Isabel Sanga as na Gleanntaí ón chomhlacht Donegal Natural Soap Company.

Is í an bhean ghnó agus craoltóir Nora Casey a bheidh ina haoi- chainteoir ag an ócáid.