Tithíocht
Tá 23 ball foirne ar fhoireann rannóg Caipitil Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall, a tugadh le fios ag cruinniú den Chomhairle le gairid.
Tá deichniúr innealtóirí fostaithe sa rannóg seo, ochtar atá ag plé le cúrsaí ailtireachta agus tá cúigear sa rannóg atá ag plé le cúrsaí riaracháin.
Dúradh go bhfuil próiseas earcaithe ar bun sa rannóg seo d'innealtóirí agus d’ailtirí, de bharr méadú mór a bheith ar ghníomhaíochtaí na rannóige.
Tá iarratas déanta chuig an Roinn Tithíochta ag an Chomhairle chun cead a fháil ochtar breise a earcú sa rannóg le dlús a chur leis an obair atá ar bun acu.
Bóithre Áise
Tá gá le hathbhreithniú ar Scéim na mBóithre Áise nó Scéim LIS ina gcuirtear maoiniú ar fáil do dhaoine le feabhas a chur ar bhóithre nach bhfuil faoi chúram na gComhairlí Contae, a deir an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.
Chun coinníollacha na scéime a chomhlíonadh, caithfidh dhá fheirmeoir ghníomhacha a bheith ag úsáid an bhealaigh rud atá ró-dhian, a dúirt an Comhairleoir Molloy.
Dúirt an Comhairleoir Molloy go bhfuil níos mó ná 1,000 iarratas istigh faoin scéim i nDún na nGall agus má leantar ar aghaidh mar atá, go mbeidh sé níos mó ná fiche bliain eile sula mbeidh na bóithre uilig cóirithe.
Dúirt sé gur idir seacht agus ocht mbealach sa bhliain a bhí á gcóiriú faoin scéim i gCeantar Bardasach na nGleanntach agus nach leor é seo.
Teastaíonn i bhfad níos mó airgid faoin scéim seo le feabhas a chur ar bhóithre sa Chontae, a dúirt an Comhairleoir Molloy.
Tuilte
D'iarr an Comhairleoir Contae Liam Ó Dochartaigh ar an Chomhairle Contae iarraidh ar an Roinn Iompair tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do na bóithre a ndearnadh damáiste daofa de bharr na dtuilte sa chontae seo i mí Iúil.
Scriosadh go leor bóithre in oirthear na Contae sna tuilte a tharla ar an aonú lá déag de mhí Iúil ach dúirt an Comhairleoir Ó Dochartaigh go bhfuil go leor bóithre eile sa chontae i ndrochriocht agus contúirteach de bharr thuilte an tsamhraidh fosta.
Thug Stiúrthóir Bóithre na Comhairle Contae, Bryan Cannon, le fios go ndeachaigh foireann ó Rannóg Seirbhísí Bóithre na Comhairle Contae i dteagmháil leis na páirtithe cuí chun maoiniú a aimsiú chun na bóithre a chóiriú.
Dúirt sé go ndearnadh obair dheisiúcháin shealadach ar go leor de na bóithre seo ach go bhfuil tuilleadh scrúduithe le déanamh ar an chuid eile le fáil amach cén dóigh is fearr le hiad a chóiriú.
Feirmeoirí curaíochta
Dúirt an Comhairleoir Contae Liam Blaney go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue ciste airgid a fháil ón Aontas Eorpach d’fheirmeoirí curaíochta.
Dúirt feirmeoirí curaíochta Dhún na nGall ag cruinniú de Choiste Polasaí Talmhaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid go bhfuil méadú mór ar a gcuid costas, agus nach fada nach mbeidh feirmeoirí curaíochta ar bith fanta sa chontae, má leanann rudaí mar atá.
Tá iarrachtaí ar bun ag an Aire McConalogue ag leibhéal na hEorpa ciste airgid a fháil chun maoiniú breise a chur ar fáil d’fheirmeoirí curaíochta, de bharr an méadú mór atá ar a gcuid costas le tamall, a dúirt Cathaoirleach Choiste Polasaí Talmhaíochta Dhún na nGall, an Comhairleoir Liam Blaney.
Chesire Homes
Tá an eagraíocht Chesire Homes, a bhfuil ionad acu i Leitir Ceanainn, ag ceiliúradh trí scór bliain a mbunaithe i mbliana.
Tá aonad ag an eagraíocht i Leitir Ceanainn, in aice le hOtharlann Leitir Ceanainn, ina bhfuil 12 árasán a chuireann seirbhís chónaitheach agus cúram faoisimh ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas.
D’oscail Chesire Homes an t-ionad i Leitir Ceanainn sa bhliain 1995.
Thréaslaigh an tAire Stáit Mary Butler, a bhfuil cúram uirthi i leith na meabhairshláinte agus daoine aosta, leis an obair agus an tseirbhís luachmhar atá á cur ar fáil ag Chesire Homes ó bunaíodh an eagraíocht 60 bliain ó shin.
Uisce Éireann
Tá Uisce Éireann agus an grúpa Cóstaí Glana ag achainí ar an phobal i nDún na nGall gan fáil réitithe d’ábhar sláintíochta agus ciarsúir sa leithreas, agus iad a chur sa bhosca bruscair.
Tá feachtas ar bun ag an dá ghrúpa faoi láthair leis an timpeallacht a chosaint agus béim á cur ar gan ciarsúir do chúrsaí smididh agus do chúrsaí sláintíochta a chur sa leithreas, mar go dtruaillíonn siad an córas uisce.
Níor cheart, a deir na grúpaí, ach páipéar leithris a chur sa leithreas ar mhaithe leis an timpeallacht.