Brící lochtacha
Tá neamhaird á tabhairt ag an rialtas ar an imní atá ar úinéirí tí i nDún na nGall faoi scéim na mbrící lochtacha, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle sa Dáil inné.
Thug sé le fios gur tharraing sé féin agus Teachtaí eile as Dún na nGall aird ar an cheist 44 uair sa Dáil agus gur cuireadh 240 ceist pharlaiminte faoin ábhar ach fós féin nach bhfuil an Rialtas ag dul i ngleic leis ar bhealach sásúil.
Dúirt an Teachta Pringle go bhfuil úinéirí tí anois ag casadh le hionadaithe ón earnáil bhaincéireachta, ón earnáil árachais agus le hAirí Rialtais ar leith as a gconlán féin mar gheall ar easpa ceannaireachta an rialtais.
Triail
Tá iar-mhúinteoir meánscoile as Dún na nGall ó dhúchas curtha ar a triail agus í cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar dhalta sna 1980idí.
Tá dhá chúis curtha i leith Jacintha McSherry O'Connor, 63 bliain d'aois as Baile Dhún na nGall, a bhí ag teagasc i scoil i mBaile Átha Cliath ag an am, maidir le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar ghasúr trí bliana déag d’aois idir Meitheamh agus Méan Fómhair 1985.
Líomhnaítear gur tharla na hionsaithe gnéis i dteach cónaithe an ghasúir agus le linn do Jacintha McSherry O’Connor a bheith ar saoire le teaghlach an ghasúir.
Tá sí ag pléadáil neamhchiontach sna cúiseanna atá curtha ina leith.
Chuir Garda Cósta Chionn Mhálanna fios ar Gharda Cósta na gCealla Beaga tráthnóna inné le hiascaire a gortaíodh a aistriú ó bhád iascaireachta.
Aistríodh an t-iascaire ón bhád ag Céibh na gCealla Beaga agus cuireadh faoi chúram pharaimhíochaineoirí na Seirbhíse Náisiúnta Otharcharranna é.
Tharla an eachtra i dtrátha an 7 a chlog tráthnóna inné.
Baile Mhic Cumhaill
Mhol an Comhairleoir Contae Dónal Coyle go gceannódh an Chomhairle Contae na tithe ag Baile Mhic Cumhaill i Leitir Ceanainn, atá le díol agus na tionóntaithe le díshealbhú.
Dúirt sé nach bhfuil malairt lóistín ar fáil do na teaghlaigh seo i Leitir Ceanainn, agus gur cheart don Chomhairle Contae maoiniú a lorg ón Roinn Tithíochta leis na tithe seo a cheannach.
Níl tithe folmha ar bith i Leitir Ceanainn fána gcoinne anois, agus dhéanfadh sé ciall dá gceannódh an Chomhairle na tithe ón té atá á ndíol, a dúirt an Comhairleoir Coyle.
Tá fógra díshealbhaithe tugtha do naoi gcinn déag de theaghlaigh i mBaile Mhic Cumhaill i Leitir Ceanainn.
I litir a sheol an tiarna talún dúradh go bhfuil na tithe i mBaile Mhic Cumhaill á ndíol de bharr athruithe sa chomhlacht.
Siompóisiam
Beidh siompóisiam ar biochar nó bithghual agus an tairbhe atá le bithghual do chúrsaí talmhaíochta á eagrú ag Cill Ulta ag na Tithe Gloine ar an Fhál Carrach Dé hAoine seo chugainn.
Tá sé seo á eagrú mar pháirt de sheachtain náisiúnta bithgheilleagair.
Tá pleananna chun mol bithgheilleagair an iarthuaiscirt a lonnú ag ionad Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta.
Dhéanfar cur síos ar na buntáistí a bhaineann le bithghual do chúrsaí gairneoireachta, timpeallachta agus talmhaíochta de, chomh maith leis an úsáid gur féidir a bhaint as mar leas talún.
Beidh an saineolaí ar bhithghual, Stephen McCormack mar aoi-chainteoir ar an lá.
Dúirt Maighréad Nic Con Iomaire, Oifigeach Forbartha agus Taighde Chill Ulta gur cheart do phobal na háite, d’fheirmeoirí agus do mhic léinn freastal ar an siompóisiam Dé hAoine seo chugainn.