Seirbhís héileacaptair

Cuirfear tús amárach le seirbhís héileacaptair an gheimhridh idir Toraigh agus an tír mhór. 

Beidh seirbhís héileacaptair go Toraigh achan seachtain ó amárach ar aghaidh go dtí Mí Aibreáin na bliana seo chugainn.

Tá tacaíocht á tabhairt ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail don tseirbhís héileacaptair go Toraigh ina mbeidh seacht dturas agus fiche á ndéanamh ag an tseirbhís idir seo agus Aibreán na bliana seo chugainn.

Dífhostaíocht

Tháinig ardú i líon na ndaoine a bhí dífhostaithe i nDún na nGall ar an mhí seo a chuaigh thart, i gcomparáid leis an mhí roimhe sin, de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá foilsithe.   

Bhí 9,169 duine dífhostaithe i nDún na nGall ag deireadh Mhí Mheán Fómhair, sin ardú de 137 duine i gcomparáid leis an mhí roimhe sin agus ardú 1.5% le bliain. 

Bhí an líon a ba mhó daoine cláraithe i malartán Leitir Ceanainn, áit a raibh 2,529 duine cláraithe, ardú de 3% le bliain.

1,831 a bhí dífhostaithe i mBun Cranncha ar an mhí seo a chuaigh thart, 1,149 ar an Chlochán Liath, 1,082 i mBealach Féich, 1,118 i mBéal Átha Seanaidh, 610 sna Cealla Beaga, 526 i mBaile Dhún na nGall agus 522 duine a bhí cláraithe i malartán Dhún Fionnachaidh ag deireadh na míosa a chuaigh thart, de réir na bhfigiúirí is deireanaí.  

Eastát Bhaile Mhic Comhghaill

Tá sé iarrtha ag an Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig ar fhoireann na Comhairle Contae casadh le teaghlaigh in Eastát Bhaile Mhic Comhghaill i Leitir Ceanainn a fuair fógra díshealbhaithe le gairid.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpuig gur tugadh fógra díshealbhaithe do thart ar fiche teaghlach san eastát le seachtain anuas agus go bhfuil orthu na tithe a fhágáil i mí Aibreáin.

I litir a sheol an tiarna talún, dúradh go bhfuil na tithe i mBaile Mhic Comhghaill á ndíol de bharr athruithe sa chomhlacht.

Beidh go leor daoine gan dídean sa chontae má tharlaíonn na díshealbhaithe seo a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpuig, mar nach bhfuil sé d'acmhainn ag teaghlaigh teach a fháil sa chontae nó cíos ard a íoc faoi láthair.

Tithíocht

Beidh cruinniú speisialta ar chúrsaí tithíochta ag Comhairle Contae Dhún na nGall i Leifear inniu.

Shocraigh Comhairleoirí Contae ag cruinniú míosúil na Comhairle ar an mhí seo caite go raibh cúrsaí tithíochta chomh holc sa chontae agus go raibh gá le cruinniú speisialta le plé a dhéanamh ar dhóigheanna chun feabhas a chur ar sholáthar tithíochta sa chontae.

Cuirfear tús leis an chruinniú in Áras na Contae i Leifear ar maidin inniu ag a 10.00

Déanfar socrú inniu fosta maidir le toscaireacht ón Chomhairle a chur go Baile Átha Cliath chun casadh le Bonneagair Iompair Éireann.

Síocháin

Beidh an comhairliúchán poiblí deireanach chun Plean Gníomhaíochta Áitiúil Peace Plus a fhorbairt do Chontae Dhún na nGall ar siúl inniu.

Tá trí cinn de phríomh-théamaí mar pháirt den phlean seo agus beidh an próiseas deireanach don phlean á chur os comhair an phobail inniu.

Tá sé mar sprioc go gcruthódh plean úr Peace Plus comhpháirtíochtaí agus páirtnéireachtaí éagsúla sa Chontae agus go n-aithneofaí tosaíochtaí don Chontae le díriú ar fhoinsí maoinithe fana gcoinne faoi chiste Peace Plus. 

Is iad sin athghiniúint ag leibhéal áitiúil, pobail shíochánta ag forbairt, agus meas a bheith ar achan chultúr agus ar achan fhéiniúlacht sa phobal. 

D’eagraigh Comhairle Contae Dhún na nGall 28 seisiún eolais ar fud Dhún na nGall chomh maith le ar líne idir Feabhra agus Meitheamh na bliana seo mar pháirt do Phlean Gníomhaíochta Áitiúil Peace Plus 2022-2027.

Beidh an comhairliúchán poiblí deireanach ar siúl inniu in Oifigí Seirbhísí Poiblí na Comhairle Contae i Leitir Ceanainn idir an 12 meán lae agus 4:30.

Seirbhísí iompair phoiblí

Dúirt Stiúrthóir Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall Bryan Cannon go bhfuil comhordú á dhéanamh sa chontae ar sheirbhísí iompair phoiblí le freastal ar an phobal.

Dúirt sé go mbaineann go leor daoine úsáid as seirbhísí iompair phoiblí le freastal ar sheirbhísí sláinte, cúrsaí traenála agus oideachais chomh maith le gnó.

Léirigh an Comhairleoir Patrick Mc Gowan imní faoi chórais iompair phoiblí sa Chontae agus dúirt sé go minic nach mbíonn ceangail iompair dhírigh ón Chontae go háiteacha eile ar fud na tíre agus go gcuireann seo as go mór do dhaoine a bhfuil coinní acu in Otharlanna nó coinní gnó.

Dúirt sé gur cheart cuireadh a thabhairt do Bhus Éireann agus Seirbhísí Iompair Local Link chuig cruinniú le cinntiú go bhfuil an Contae ar fad clúdaithe agus go bhfuil seirbhísí ar fáil go háiteacha eile ar fud na tíre.