Seirbhísí sláinte
Tá bearnaí móra sna seirbhísí sláinte ar fud Dhún na nGall faoi láthair de bharr nach féidir go leor postanna a líonadh, a dúirt ball d'Fhóram Sláinte an Iarthair, An Comhairleoir Albert Doherty.
Tá go leor seirbhísí tacaíochta do pháistí agus do dhaoine óga a bhfuil easnaimh mhóra iontu, a dúirt sé, gan trácht ar na heasnaimh atá i seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, a dúirt an Comhairleoir Doherty.
Caithfear a theacht aníos le plean chun oibrithe sláinte a mhealladh go Dún na nGall chun na bearnaí móra atá i seirbhísí sláinte an chontae a líonadh, a dúirt an Comhairleoir Doherty.
Níl sé ceart ná cóir go bhfuil neamart in go leor seirbhísí tacaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas i gcontae Dhún na nGall, de bharr easpa foirne, a dúirt sé.
Páirtí Cúitimh 100%
Tá sé deimhnithe go bhfuil stádas oifigiúil faighte ag an Pháirtí Cúitimh 100% ón Choimisiún Toghcháin.
Tá an páirtí ag lorg iarrthóirí anois le dul chun tosaigh sna toghcháin áitiúla agus tá sé i gceist acu seisiúin eolais a reáchtáil sna míonna amach romhainn.
Cé gur bunaíodh an páirtí i nDún na nGall le haird a tharraingt ar chonspóid na mbrící lochtacha, deir an páirtí nach sin amháin a bheidh siad ag díriú air.
Seán Rooney
Tá sé tugtha le fios ag an Tánaiste Michael Martin gur cuireadh tuarascáil ó na Náisiúin Aontaithe faoi bhás an tsaighdeora Seán Rooney faoi bhráid rialtas na hÉireann.
Dúirt sé, áfach, nach dtig eolas ar bith a thabhairt go poiblí faoin mhéid atá sa tuarascáil.
Maraíodh an Saighdiúir Singil, Seán Rooney, as Baile Úr Uí Chuinneagáin le linn dó a bheith ar dualgas sa Liobáin i mí na Nollag anuraidh.
Cúisíodh cúigear maidir leis an ionsaí agus tá an chéad éisteacht chúirte eile le bheith ar siúl i mí na Nollag.
An Norwegian Star
D’fhill an bád pléisiúir An Norwegian Star ar na Cealla Beaga inniu don uair dheireanach i mbliana.
Tá an Norwegian Star, 294 méadar ar fhad agus tá níos mó ná 2,000 paisinéir ar bord.
Bhí an Norwegian Star, ar an chéad bhád pléisiúir agus ar an bhád is mó a tháinig i dtír sna Cealla Beaga do shéasúr turasóireachta na bliana seo.
Beidh sí sna Cealla Beaga go dtí an 6 a chlog tráthnóna.
Árainn Mhór
Beidh ceardlann eolais ar siúl inniu ar Árainn Mhór maidir leis an Bhealach Gorm d’Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin.
Beidh cainteanna ar siúl le gnónna ar an oileán a chuireann turais agus seirbhísí ar fáil do chuairteoirí ar an oileán, eolas faoi mhargaíocht agus bealaí le gnó a mhealladh chuig an oileán ag baint úsáid as an Bhealach Gorm.
Cuirfear béim ar leith ar ghnónna a bhaineann le turais farraige agus spórt uisce.
Beidh an t-imeacht ar siúl sa Chultúrlann ar Árainn Mhór ón 10:30 go 2 tráthnóna inniu.