Aighneas faoi thithíocht

D'éirigh idir na comhairleoirí Conor D McGuinness ó Shinn Féin agus Tom Cronin ó Fhianna Fáil inné agus cúrsaí tithíochta san Aird Mhór á bplé ag cruinniú Cheantar Bardasach Dhún Garbhán agus an Leasa Mhóir.

Bhí siad ag labhairt tréis gur tugadh le fios ná beidh forbairt aon tigh déag is fiche ag dul ar aghaidh fé stiúir chomhlacht uí chualáin ar shuíomh atá i seilbh na comhairle ar an mbaile.

Chásaigh an comhairleoir Mcguinness ná fuil aon tigh tógtha ag an gComhairle san Aird Mhór le scór bliain agus go bhfuil baol láidir ann ná beidh san áit ach áit do dhaoine ar a laethanta saoire.

Dúirt an comhairleoir Cronin go rachaidh an scéim ar aghaidh le forbróir eile.

I ráiteas a d'eisigh an comhairleoir McGuinness tréis an chruinnithe, chuir sé i leith an Chomhairleora Cronin gur thacaigh sé le vóta sa chomhairle in 2017, inar ceadaíodh paiste talún de chuid na comhairle a dhíol chun go dtógfaí tithe saoire air.

Deir sé go gcuir an Comhairleoir Cronin in iúl, ag cruinniú poiblí ar an mbaile an mhí seo caite, nach eol dó aon ní faoi dhíol na talún.

Dúirt an Comhairleoir McGuinness, gur bocht an scéal é, go ndíolfaí talamh na comhairle ar mhaithe le tithe saoire san Aird Mhór, nuair atáimid i lár géarchéime tithíochta, agus go bhfuil muintir Airde Móire ag bogadh amach ón áit mar ná féidir leo tig a cheannach ann.

Maigh Chromtha

Tá baile Mhaigh Chromtha roghnaithe mar Limistéar Dícharbónaithe do Chontae Chorcaí, de réir Dréacht-Phlean Gnímh Aeráide na Comhairle Contae a cuireadh i láthair ag cruinniú míosúil na Comhairle inné.

Tá spriocanna leagtha amach sa phlean chun astuithe carbóin a ísliú sa tréimhse 5 bliana atá romhainn, agus chun dul i ngleic le fadhbanna amhail tuillte agus creimeadh cósta.

Beidh Maigh Chromtha ina láthair tástála do chuid mhaith de na beartais nua agus má éiríonn leo, cuirfear i bhfeidhm in áiteanna eile iad.

Scoil Dhónail Uí Chonaill

Tabharfaidh an tAire Oideachais, Norma Foley, caint uaithi ag Scoil Dhónail Uí Chonaill in Uíbh Ráthach ag deireadh na míosa seo, faoin teideal, Éire- athruithe agus Dúshláin. Beidh an tOllamh Patrick Clancey i mbun cainte ina teannta, mar aon leis an Ollamh Gary Murphy.

Leathchéad Euro costas na scoile dhá lá, nó €30 ar imeachtaí lae amháin.

Is in Óstán Mhórchuaird Chiarraí a bheidh na himeachtaí, agus i dTig Dhoire Fhíonáin, ar dheireadh seachtaine saoire bainc na míosa seo.

Beidh na cainteanna agus na léachtaí le feiscint ar an idirlíon i mí na Samhna ar an suíomh danielOConnellsummerSchool.com.

Oibrithe cúraim sláinte

Glacadh le rún ag cruinniú an lae inné de Chomhairle Contae Chorcaí, ag iarraidh ar an Aire Sláinte agus ar an Aire Caiteachais Phoiblí, a ladar a chur sa scéal chun an stailc atá beartaithe ag oibrithe cúraim sláinte san earnáil phríobháideach a sheachaint.

Tá Lá Gníomhaíochta beartaithe don 17ú lá de mhí Dheireadh Fómhair, ag eagraíochtaí éagsúla san earnáil phríobháideach atá ag éileamh go bhfaighidís an pá céanna don obair chéanna, agus a fhaigheann oibrithe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Ag moladh an rúin, dúirt an Comhairleoir Ian Doyle ó Fhianna Fáil go mbeidh sé ina bhuille trom do dhaoine atá ag brath ar sheirbhísí na n-eagraíochtaí sin, má théann an stailc ar aghaidh.

Ag tacú leis an rún, dúirt an Comhairleoir Cathal Rasmussen, ó Pháirtí an Lucht Oibre, go bhfuil súil aige go bhfuil iarrachtaí ar bun cheana chun an stailc a sheachaint agus d’iarr sé ar bhaill uile na comhairle, pé teagmháil atá acu le hairí rialtais, a úsáid.