Tuirbín
Rialaigh an Bord Pleanála gur féidir le Mass Wind Teoranta tuirbín gaoithe amháin a thógáil ag an Mhás ach diúltaíodh dá n-iarratas do dá thuirbín eile a raibh cead á lorg fana gcoinne.
Cé gur mhol cigire an Bhoird gur cheart diúltú don iarratas iomlán agus gan cead a thabhairt don iarratas chun trí thuirbín a thógáil ansin, níor ghlac an Bord le moladh an chigire, agus aontaíodh go ndiúltófaí cead dhá thuirbín a thógáil ach go bhféadfaí tuirbín amháin a thógáil ar an láthair.
Aontaíodh go dtabharfaí cead do thuirbín amháin as trí cinn, tuirbín nach mbeadh i gceantar faoi chosaint speisialta, agus diúltaíodh cead do dhá thuirbín, a bheadh i gceantar faoi chosaint speisialta.
Dúirt Seosamh Ó Braonáin, a rinne aighneacht chuig an Bhord Pleanála i gcoinne na forbartha seo, go bhfuil sé ag tarlú rómhinic go bhfuil an Bord ag dul i gcoinne moltaí ó chigirí an Bhoird.
Stephen Boyle
Tá Gardaí Bhun Cranncha ag achainí arís ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi Stephen Boyle, gasúr ceithre bliana déag d'aois atá ar iarraidh ó Bhun na hAbhann ón dara lá fichead de mhí Lúnasa teagmháil a dhéanamh leo.
Cúig troithe agus 6 orlach ar airde atá Stephen Boyle a bhfuil gruaig dhonn air agus súile gorma aige.
Ní fios caidé a bhí á chaitheamh aige nuair a chuaigh sé ar iarraidh.
Deir na Gardaí go bhfuil imní orthu faoi.
Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi cá háit a bhfuil Stephen Boyle dul i dteagmháil le Stáisiún Gardaí Bhun Cranncha, Líne Rúnda na nGardaí nó stáisiún Gardaí ar bith eile.
Linn Snámha
Tá iarratas déanta an tseachtain seo ar chead pleanála do linn snámha úr i mBun Cranncha.
Deir cathaoirleach Choiste Ionad Fóillíochta Bhun Cranncha, Rosita McLaughlin, gur céim mhór chun tosaigh atá anseo agus go bhfuil an coiste ag súil go gcuirfear maoiniú ar fáil agus go gceapfar conraitheoir taobh istigh de bhliain.
Meastar gur tuairim is 8 milliún euro atá de dhíth leis an togra a thabhairt chun críche.
Tá feachtas ar bun le blianta ag Comhairleoirí Contae ag iarraidh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall linn snámha a chur ar fáil i mBun Cranncha.
Fuinneamh
Thug Innealtóir Sinsearach Chomhairle Contae Dhún na nGall Emmet McCabe cuntas ar na hiarrachtaí atá ar bun ag an Chomhairle fuinneamh a shábháil i bhfoirgnimh dá gcuid.
Dúirt sé go bhfuil an Chomhairle ar bhealach a leasa ach go bhfuil go leor dúshlán le sárú go fóill.
Thug sé le fios gur críochnaíodh uasghrádú fuinnimh in-athnuaite in Oifigí Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn agus Bhaile na nGallóglach.
Dúirt sé go bhfuil uasghrádú fuinnimh curtha i bhfeidhm sna hoifigí eile fosta maidir le soilse agus córais teasa agus go bhfuil sé mar sprioc uasghrádú fuinnimh in-athnuaite a dhéanamh i ngach Oifig Seirbhísí Poiblí sa chontae.
Dúirt John Gallagher, Innealtóir Sinsearach leis an Chomhairle Contae go bhfuil siad dóchasach go ndéanfar astaíochtaí gáis a laghdú 51% faoin bhliain 2030 ach gur an sprioc nó é a laghdú go hiomlán faoi 2050 agus go mbeidh sin deacair.
Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go mbeidh luach saothair le feiceáil ar a gcuid oibre i gceann cúpla bliain agus go mbeidh sábháil mhór airgid ar an Chomhairle ina dhiaidh sin.