Tórramh Rónáin Mhic Aodha Bhuí

Bhí Teach Pobail Mhuire i nDoirí Beaga lán go doras inniu do Aifreann tórraimh an chraoltóra iomráitigh de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodh Bhuí.

Fuair Rónán Mac Aodha Bhuí, a bhí 53 bliain d'aois, bás sa bhaile i gCois Cláidí i nGaoth Dobhair tráthnóna Dé Máirt

Ag labhairt dó ag Aifreann na sochraide, dúirt an ceiliúraí, an tAthair Brian Ó Fearraigh gur boichte go deo clann agus cairde na ngael le bás Rónáin agus gur shaibhre an saol mar gur mhair sé.

Luaigh sé focal amháin i dtaca leis go minic agus ba é sin dílseacht,

Bhí ionadaí de chuid an Uachtaráin i láthair , chomh maith le ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha agus grúp-cheannasaí RTÉ,Niamh Ní Churnáin.