Rónán Mac Aodha Bhuí

Tá ómós á léiriú don chraoltóir aitheanta le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, as Cois Cláidí, Gaoth Dobhair, a fuair bás sa bhaile tráthnóna inné. 

Bhí Rónán ar dhuine de mhór phearsaí craoltóireachta Gaeilge na tíre seo, agus bhí aithne leitheadach air i measc phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. 

Chuaigh Rónán i mbun na craoltóireachta den chéad uair sa bhliain 1987.  

Scríobh sé don Irish Press, Anois, Lá agus Nós. 

Láithrigh sé cláracha teilifíse ar RTÉ agus ar TG4. 

Is iomaí gradam a bhain Rónán mar chraoltóir.

Bronnadh Gradam Pearsa Raidió na Bliana Oireachtas na Gaeilge ar Rónán in 2009, 2010 agus 2016. 

Bhain a chlár Rónán Beo an gradam Sraith Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais in 2010, 2011 agus 2015.  

Rinneadh Pearsa Raidió na Bliana a bhronnadh ar Rónán ag Féile na Meán Ceilteach in 2011. 

Bhain an clár Rónán Beo gradam Clár Raidió Gaeilge na Bliana PPI in 2012 agus IMRO in 2018.

  Craolfar clár speisialta ómóis i gcuimhne ar Rónán Mac Aodha Bhuí ar Bharrscéalta inniu ag a 11.00.

Maireann bean chéile Rónáin, Beirní, a iníon Fionnuala, a chuid deartháireacha Cian, Iarla, Coimín agus Barra, agus a chuid deirfiúracha Bríd, Ríonach agus Colma.

Dhéanfar Rónán a fhaire sa bhaile inniu ón 11.00 go dtí an 9.00. 

Beidh an paidrín anocht agus san oíche amárach ag a 8.00.

Cuirfear Rónán Mac Aodha Bhuí i reilig Mhachaire Gathlán Dé hAoine, i ndiaidh Aifreann a 11.00 i dTeach Pobail Dhoirí Beaga. 

Ní bheidh faire ar bith sa teach ar maidin an tórraimh. 

Uachtarán na hÉireann

I ráiteas ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn, dúirt sé gur laoch i measc phobal na Gaeilge a bhí i Rónán Mac Aodha Bhuí, a raibh stíl chraoltóireachta lán de bheocht agus spleodar aige.

Bhí bua eile aige a dúirt an tUachtarán, agus ba sin an dóigh ar chuir sé daoine faoi agallamh ar ábhar trom ar bhealach tuisceanach.

Bhí ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar Rónán Mac Aodh Bhuí a dúirt an tUachtarán.

Ceannaire RnaG

Dúirt Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, nach féidir é a chur i bhfocail an tionchar a bhí ag Rónán Mac Aodh Bhuí ar a phobal, ná an gean agus grá a bhí ag an phobal sin dó.

Craoltóir den chéad scoth a bhí ann, a dúirt sé, a thuig raidió mar mheán, a thuig Raidió na Gaeltachta agus an pobal a raibh sé ag freastal uirthi.  

 D'fhág sé a lorg mar chraoltóir ar bhealach nach bhfuil déanta ag aon chraoltóir eile i saol na Gaeilge ná i saol an Bhéarla, a dúirt sé. 

Tá buíochas ag dul go Rónán as an méid a rinne sé do Raidió na Gaeltachta, an méid a rinne sé ar son na Gaeilge, na stáitsí éagsúla a chuir sé ar fáil do cheoltóirí agus an aird a tharraing sé orthu, a dúirt Gearóid Mac Donncha.