Inchríneolaithe
Tá achan iarracht á déanamh ag Fóram Sláinte an Iarthair postanna inchríneolaithe comhairleacha a líonadh in Otharlann Leitir Ceanainn, a dúradh ag cruinniú Fhóram Sláinte an Iarthair inné.
D'fhógair beirt inchríneolaithe chomhairleacha in Otharlann Leitir Ceanainn le gairid, go mbeidh siad ag éirí as go luath.
Dúirt Príomhoifigeach Oibríochta Ghrúpa Otharlanna Saolta, Ann Cosgrove, go bhfuil achan iarracht ar bun na folúntais seo a líonadh chomh luath agus is féidir, agus dúirt sí go mbeidh aird faoi leith á dhíriú acu ar sheirbhísí diaibéitis in Otharlann Leitir Ceanainn.
Dúirt sí fosta go gcuirfear cibé seirbhísí is gá ar fáil go dtí go líonfar na folúntais, le go mbeidh íoclann ar fáil san otharlann d’othair sa chontae a bhfuil diaibéiteas orthu.
Dochtúirí teaghlaigh
Tá fadhbanna móra ag daoine clárú le dochtúirí teaghlaigh i nDún na nGall, a dúirt ball d’Fhóram Sláinte an Iarthair, an Comhairleoir Contae Gerry Crawford.
Lorg sé eolas ag cruinniú an Fhóraim Sláinte inné faoin chomhairle a d’fhéadfaí a chur ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu clárú le dochtúirí teaghlaigh, de bharr brú mór a bheith ar íoclanna sa chontae.
Dúirt Príomhoifigeach Sláinte Pobail an Iarthuaiscirt, Dermot Monaghan, go bhfuil an tacaíocht ar féidir leis an Fheidhmeannacht Sláinte a chur ar fáil, ag brath ar chárta leighis a bheith ag an duine sin.
Dúirt sé nach bhfuil an fhreagracht ar an Fheidhmeannacht socrú a dhéanamh d’othair nach bhfuil cárta leighis acu, le gur féidir leo clárú le híoclann dochtúra.
Raideolaí sinsearach
Tá earcaíocht leanúnach ar bun chun raideolaí sinsearach a cheapadh i gCarn Domhnach.
Rinneadh an post a fhógairt trí huaire ach níor líonadh an post go fóill.
Bhí seirbhís raideolaíochta trí lá sa tseachtain i gCarn Domhnach roimhe seo, agus tá sé dearbhaithe ag FSS go leanfar leis an tseirbhís trí lá sa tseachtain sin go gceapfar raideolaí buan don cheantar.
Dúirt ball d’Fhóram Sláinte an Iarthair, An Comhairleoir Albert Doherty, go bhfuil sé iontach tábhachtach an tseirbhís seo a bheith lonnaithe sa phobal i gCarn Domhnach, agus nach mbeadh gá ar dhaoine taisteal go Leitir Ceanainn chun x-gha a fháil.
Óstán Theach Jack
Tá Óstán Theach Jack ar an Ghlaisigh i mBun na Leaca curtha ar an mhargadh an tseachtain seo.
Seacht seomra leapa is fiche atá san ostán seo, ina bhfuil tábhairne agus bialann, seomra ócáide, dhá sheomra cruinnithe chomh maith le hárasán le dhá sheomra leapa leis an fhoirgneamh.
Níl treoirluach ar bith á lua leis an óstán agus is iad ceantálaithe Terry Properties ar an Fhál Carrach atá i mbun an díolacháin.
Bád pléisiúir
Tá an tríú bád pléisiúir le seachtain tagtha i dtír ar maidin inniu ag céibh na gCealla Beaga.
Tháinig an bád an Seabourn Ovation isteach go céibh na gCealla Beaga ag a 8.00 ar maidin agus beidh an bád ansin go dtí an 6.00 tráthnóna inniu.
Tá 600 paisinéir ar bord an Seabourn Ovation, atá dhá stór déag ar airde agus 211 méadar ar fhad.
Óstán Harvey's Point
Tá Óstán Harvey’s Point ar imeall Bhaile Dhún na nGall ainmnithe mar an tÓstán is fearr in Éirinn do 2023, de réir an tsuíomh idirlín Tripadvisor.
Tá an t-ostán sa chéad áit ar an liosta agus seo an t-ochtú iarraidh don óstán a bheith ainmnithe ar an liosta.
Tá Óstán Harvey’s Point 33 bliana i mbun gnó i mbliana.