Fanacht le leaba

27.4 uair an chloig ar an meán a bhí daoine os cionn 75 bliana d'aois ag fanacht ar leaba in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh sa chéad ráithe den mbliain seo, an t-achar feithimh is faide sa tír, de réir na bhfigiúirí atá foilsithe inniu ag an dTeachta Dála Déiseach, agus urlabhraí Sláinte Shinn Féin David Cullinane.

13.8 uair an chloig ar an meán a bhí an t-aoisghrúpa san ag fanacht in ospidéil eile na tíre, agus 11.7 uair a chloig an figiúr náisiúnta do gach aoisghrúpa.

Ag labhairt ar Raidió RTÉ ar maidin, dúirt an Teachta Cullinane nach féidir glacadh leis seo, agus gur easpa pleanála agus easpa infheistíochta, ag rialtas i ndiaidh rialtais, atá ina bhun.

I ráiteas, dúirt Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh go bhfuil éileamh thar na bearta ar sheirbhísí an ospidéil i láthair na huaire agus go bhfuil acmhainní an ospidéil sáraithe ag an éileamh san. Tá siad ag obair le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a deir siad, chun dul i ngleic leis an bhfadhb.

Deir an Teachta Cullinane go gceart d’Ospidéil na tíre sampla Ospidéal na hOllscoile Port Láirge a leanúint, agus leapacha a cheannach ó thithe altranais príobháideacha sa ghearrthréimhse, do dhaoine atá ag teacht chucu féin i ndiaidh tréimhse san ospidéal.

Cnoc na Morc

Tá cead le coinníollacha tugtha ag Comhairle Contae Chorcaí don iarratas ó Lucht Fheirm Ghaoithe Chnoc na Morc, athrú a dhéanamh ar airde na dtuirbíní gaoithe sa bhforbairt.

Beidh cead ag an gcomhlacht na tuirbíní atá ceadaithe cheana i mbailte fearainn Chom na Cloiche agus an tSléibhe Riabhaigh i gceantar Gaeltachta Mhúscraí, 7 gcinn ar fad acu, a mhéadú ó 150 méadar, go dtí 175 méadar ar airde.

Siopa beag

Tá deireadh ré ag teacht inniu, leis an siopa beag ar an gcúinne ar bharra Shráid Mhór an Daingin, agus Siopa Oideachais Mhary Uí Shúilleabháin á dhúnadh aici.

Tá Mary Uí Shúilleabháin ó Lios Póil i mbun gnó sa tsiopa le 25 bliana, ag díol leabhair scoile agus cóipleabhair, pinn agus pinn luaidhe agus gach aon saghas rud eile a bhaineann le hobair na scoile.

Níl éinne fachta aici chun an gnó a thógaint ar láimh, agus dá bhrí san, dúnfar na doirse don uair dheireanach ar a 5 a chlog tráthnóna, agus Mary ag súil le bheith ar scor, a deir sí!

Dífhibrileoir nua

Tá dífhibrileoir nua curtha i bhfearas in Ionad Áiseanna na hÓige sa Daingean le laethanta beaga anuas, i gcuimhne ar John Joe Ó Conchúir ó Chathair Bó Sine a cailleadh mí Dheireadh Fómhair seo caite, agus a bhí ag obair ina thiománaí don ionad.

Beidh an dífhibrileoir seo ar fáil do lucht úsáidte Áiseanna na hÓige agus dos na héinne atá ina gcónaí sna heastáit mórthimpeall ar an ionad, idir a 8 ar maidin agus a 6 a chlog tráthnóna ó Luan go hAoine.

Nochtadh bínse lasmuigh den ionad chomh maith, bínse a bhronn clann John Joe ar Áiseanna na hÓige.

Tús Maith

Tá sraith físeán déanta ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne don bhFeachtas Tús Maith chun tacú le daoine atá ag tógaint clainne le Gaelainn.

Deir Orlaith Ruiséal ó Tús Maith go bhfuair siad tacaíocht ó Ollscoil Luimnigh agus ó Institiúid Smithsonian Mheiriceá chun na físeáin a dhéanamh.

Tá an tsraith dírithe ar ghnáthchaint laethúil a bhíonn ag daoine le clann óg.