Seirbhísí diaibéitis
Tá imní léirithe ag Craobh Dhún na nGall de Chumann Diaibéitis na hÉireann faoina bhfuil i ndán do sheirbhísí diaibéitis sa chontae i ndiaidh do bheirt inchríneolaithe comhairleacha in Otharlann Leitir Ceanainn éirí as ar na mallaibh.
Dúirt cathaoirleach Chraobh Dhún na nGall den Chumann, Pól Mac Giolla Easpaig, gur deimhnigh Grúpa Otharlanna Saolta gur éirigh an dara dochtúir as gan ach cúpla seachtain caite acu i mbun dualgais san otharlann.
Chuir an Cumann in iúl go bhfuil imní orthu faoin easpa seirbhísí diaibéitis a bheidh san Otharlann feasta agus an tionchar a bheidh ag seo ar dhaoine a bhfuil diaibéiteas orthu sa chontae.
Ceadúnas cladaigh
Tá moill rófhada ar cheadúnas chladaigh a fháil ó Roinn na Mara le gur féidir tabhairt faoi fhorbairtí ag céibheanna agus tograí eile, a dúirt an Comhairleoir Contae Liam Blaney.
Dúirt sé nach bhfuil sé ceart ná cóir go bhfuil moill fhada ann ceadúnas cladaigh a fháil le forbairt a dhéanamh ag céibh Rath Maoláin.
Tá moill fosta maidir le forbairt ag Céibh Mhíobhaí, a dúirt sé, agus an Chomhairle ag fanacht le ceadúnas cladaigh ón bhliain 2019.
Thagairt sé fosta don obair atá le déanamh ag Céibh Phort an tSalainn, agus uasghrádú le déanamh ar an chéibh, agus cheistigh sé an gcuirfear moill ar an togra sin go bhfaighfí ceadúnas cladaigh.
Scoil Chonaill
Tá tús curtha leis an réamhobair ar Scoil Chonaill, An Bun Beag.
Tá sé beartaithe dhá sheomra ranga breise a chur leis an scoil ar chostas €1.3m, rud a fhágfaidh 9 gcinn de sheomraí ranga sa scoil, ina measc tá 3 rang speisialta.
Tá 108 dalta ag freastal ar an scoil faoi láthair, ina measc tá deichniúr as an Úcráin.
Dúirt Príomhoide na Scoile, Pádraig Mac Grianna, gurb é an dúshlán is mó atá ar Phríomhoidí faoi láthair ná ionadaí a aimsiú.
Dúirt sé go bhfuil ganntanas mór ionadaithe ann nuair a bhíonn múinteoirí as láthair.
Ionaid riaracháin
Tá pleananna ag Comhairle Contae Dhún na nGall ionaid riaracháin agus oifigí a lonnú i Sean-Bheairic an Airm i Leifear atá faoi úinéireacht na Comhairle Contae anois.
Tá sé i gceist ag an Chomhairle uasghrádú iomlán a dhéanamh ar an fhoirgneamh in raibh an t-ionad riaracháin san bheairic, agus oifigí a fhorbairt ansin.
Fuair an Chomhairle Contae maoiniú ón SEAI chun córais teasa agus fuinnimh inathnuaite a fheistiú san fhoirgneamh.
Lorg an Chomhairle tairiscintí ó chonraitheoirí le tabhairt faoin obair seo ar fad le gairid, agus beidh siad ag glacadh le tairiscintí go dtí an 22 Bealtaine.
Tá Rannóg Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar choistí sa chontae imeachtaí a bheidh á reáchtáil acu do Sheachtain na hOidhreachta a chlárú ar shuíomh idirlíon Sheachtain na hOidhreachta.
Beidh Seachtain na hOidhreachta na bliana seo ar siúl ón 12 Lúnasa go dtí an 20ú lá den mhí.
Tá Dún na nGall i measc na gcontaetha is mó a mbíonn imeachtaí agus ócáidí á n-eagrú achan bhliain mar pháirt de Sheachtain na hOidhreachta. Bhí 70 imeacht sa chontae mar pháirt d'imeachtaí na seachtaine anuraidh.
An oidhreacht bheo téama na bliana seo.
Thréaslaigh Oifigeach Oidhreachta na Comhairle Contae Joseph Gallagher leis an obair leanúnach atá ar bun ag coistí agus grúpaí ar fud Dhún na nGall maidir le cúrsaí oidhreachta.