"Ró-bhaint fheamainne"
Deir baill den bpobal áitiúil sna hAoraí in Iarthar Chorcaí go bhfuil feamainn á baint, síos isteach go dtí an stumpa, san áit gur cheart sé orlach déag a bheith fágtha, le linn di bheith á baint, chun go bhfásfadh sí ar ais go rathúil.
Deir siad go bhfuil iarratais éagsúla déanta acu le laethanta beaga anuas, leis an eagraíocht, Cairde Chomhshaol na hÉireann, chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an gcás.
Lóistín in Iarthar Duibhneach
Tá 616 áit lóistín ar fáil ar bhonn gearrthréimhseach i gCorca Dhuibhne, ón mBlascaod Mór go Doire Mór thoir, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an suíomh AirDna do Nuacht an Deiscirt.
Is tithe nó árasáin iomláine 78% acusan, sin 478 tigh nó árasán.
Tá 136 seomra ar fáil ar shuíomhanna ar nós AirBnB agus Vrbo i gCorca Dhuibhne.
€197 san oíche, ar an meán, atá ar áitreabh iomlán i gCorca Dhuibhne fé láthair.
Tá an oiread lóistín gearrthréimhseach atá ar an leithinis ina chnámh spairne le blianta beaga anuas, agus níl oiread is áitreabh amháin ar fáil ar chíos fadtéarmach i gCorca Dhuibhne ar an suíomh gabháltais daft.ie.
Ospidéil Aitiúla
Deir an TD Michael Healy Rae gur ceart earraíocht níos fearr a bhaint as Ospidéil Phobail na tíre, ar nós Ospidéal Pobail Chorca Dhuibhne, mar pháirt den gcóras sláinte.
Ag labhairt dó sa Dáil agus an córas sláinte trí chéile á phlé, dúirt an Teachta Healy Rae go raibh níos mó leapacha sa stát in 1980 ná mar atá anois, cruthúnas, a deir sé, ar dhrochobair an Rialtais.
Deir sé gur cheart i bhfad níos mó seirbhísí leighis a bheith ar fáil sna hospidéil phobail, rud a chabhródh leis an bpobal agus a laghdódh an brú ar na hionaid timpiste agus éigeandála, dar leis an TD Michael Healy Rae.
Plean Ollscoile
Tá an chéad phlean straitéiseach seolta inniu ag Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt.
Plean cúig bliana atá i gceist a bhfuil sé ina sprioc aige an institiúid a chur ag croílár na forbartha sa réigiún.
I measc na bhforbairtí atá beartaithe tá campas nua don ollscoil i Loch Garman, Limistéar Fiontraíochta Ollscoile ar shean-láthair Waterford Crystal agus foirgnimh nua ar Champas Cheatharlach.