Timpiste carr Gardaí i mBun Cranncha
Déanfar scrúdú iarbháis ar chorp na mná a maraíodh i dtimpiste bóthair ar imeall bhaile Bhun Cranncha maidin inné.
Bhí Rebecca Browne, bliain is fiche d'aois as Co. Dhoire, amuigh ag siúl nuair a bhuail carr patróil de chuid na nGardaí í i dtrátha cheathrú i ndiaidh a trí maidin inné.
Tá fiosrúchán curtha ar bun ag Coimisiún Ombudsman an Gharda Síochána faoin timpiste faoi Alt 102 d’Acht an Gharda Síochána, 2005.
Tá an bealach oscailte arís.
Dúnorgain Jasmine McMonagle
Gearrfar pianbhreith inniu ar Richard Burke, dhá bhliain déag is fiche d’aois as Cúil na gCuirridín, a fuarthas ciontach i ndúnorgain Jasmine McMonagle.
Fuair giúiré neamhchiontach i ndúnmharú é ach ciontach i ndúnorgain sa Phríomhchúirt Choiriúil i mí an Mhárta.
Tachtadh agus buaileadh Jasmine McMonagle ina teach cónaithe i gCúil na gCuirridín ar an ceathrú lá d’Eanáir 2019.
Ocht mbliana is fiche a bhí sí agus bhí beirt pháistí aici.
Tithíocht i Leitir Ceanainn
Ní bhfaighidh baile Leitir Ceanainn Stádas Cathrach go deo muna dtógfar níos mo tithe ar an bhaile, a dúirt an Comhairleoir Contae Dónal Coyle.
Dúirt sé go bhfuil cúrsaí eacnamaíochta ag bisiú ar an bhaile agus comhlachtaí ag iarraidh lonnú anseo ach muna dtógfar níos mo tithe nach mbeidh comhlachtaí in ann foireann oibre a earcú muna mbeidh tithe acu le cónaí iontu.
Tá an Comhairleoir Coyle ag iarraidh ar dhaoine a bheadh sásta talamh a dhíol leo teagmháil a dhéanamh leo agus tá sé ag iarraidh ar an phobal freastal ar an chéad chomhairliúchán poiblí eile a bheas ag an Chomhairle, áit a mbeidh plé á dhéanamh ar Phlean Forbartha Leitir Ceanainn.
An tAire Iompair i nDún na nGall
Beidh cruinniú ag an Aire Stáit Iompair Jack Chambers le Comhairle Contae Dhún na nGall inniu.
Pléifear staid na mbóithre sa chontae agus na tograí bóthair atá idir lámha ag an chomhairle contae chomh maith le raonta rothaíochta agus siúil.
Beidh cruinniú ag an Aire Stáit inniu fosta le Bainistíocht Aerfort Dhoire.
Bóthar an N a 56
Caithfear leanstan ag cur brú ar Bhonneagar Iompair Éireann athrú a dhéanamh ar pholasaithe pleanála ar bhealach an N56 ar fud iarthar Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Caithfear réiteach a fháil ar an cheist go gasta, a dúirt sé, le go mbeidh cead ag daoine i gceantair thuaithe ar fud iarthar Dhún na nGall teach a thógáil in aice le bealach an N56.
Dúirt sé go leanfaidh Comhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach ag cur brú ar Bhonneagar Iompair Éireann an polasaí atá acu a athrú.
Luaigh an Comhairleoir Ó Fearraigh fadhbanna atá i mbailte fearainn ar nós Doire Ríl ar an Fhál Carrach agus an tArd Donn i nGaoth Dobhair, cead pleanála a fháil, áit nach bhfuil dlús mór tráchta, a dúirt sé.