Tithíocht inachmhainne
Glacadh le rún ón gComhairleoir Breandán Mac Gearailt inné ag Ceantar Bardasach Chorca Dhuibhne agus Oileán Ciarraí, go n-iarrfadh an Chomhairle cead ar an Aire Tithíochta Darragh O'Brien, daonra iomlán na dtoghcheantar tuaithe ar nós Chorca Dhuibhne a thógaint san áireamh i gcomhair scéim tithíochta inachmhainne.
Fé mar atá na rialacha fé láthair, níl cead ag na húdaráis áitiúla a leithéid de scéim a bhunú, ach amháin i mbaile le daonra os cionn an deich míle duine. Tá a leithéidí scéimeanna i dTrá Lí agus Cill Airne.
Calafort Chorcaí
Tá sé dearbhaithe ag Comhlacht Chalafort Chorcaí go bhfuilid i mbun cainteanna leis an Roinn Lánpháirtíochta fé lóistín a chur ar fáil do theifigh ar árthaí a bheadh ceangailte le cé sa Chuan.
Tuigtear go bhfuiltear ag féachaint ar Ché Penrose agus ar Ché Uí Argáin mar láithreacha dona leithéid, ach deir Calafort Chorcaí nach bhfuil aon rud socruithe fós.
Iarracht a bheadh sa lóistín ar snámh seo chun an teirce lóistín d’iarrthóirí tearmainn in Éirinn a réiteach.
Ospidéal Ginearálta Bheanntraí
Deir an TD Neamhspleách ó Chorcaigh Thiar Theas Michael Collins, go bhféadfadh Ospidéal Ginearálta Bheanntraí seirbhís leighis d’ardchaighdeán a chur ar fáil, ach na hacmhainní cuí a chur ina threo.
Le linn plé Dála ar mhaoiniú na n-ospidéal dúirt an Teachta Collins gur chaith 12k duine seal ag feitheamh ar leaba in Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh anuraidh, ach go bhféadfaí cóir leighis a chur ar scata acusan i mBeanntraí dá gcuirfí maoiniú le dealramh ina threo.
Níl ciall ná réasún ag baint le sin mar scéal, agus is ró-dhócha nach gcuirfear leis na seirbhísí i mBeanntraí go brách, dar leis an TD Michael Collins.
Longa móra
Tá an chéad cheann de cúig cinn d’árthaí crúsáilte a bheidh ag teacht go Corca Dhuibhne i mbliana, ag béal Chuan an Daingin ar maidin.
Tá spás ar an Norwegian Star, do dhá mhíle go leith paisinéir.
Beidh sí ag tarrac an Daingean aríst ag deireadh na míosa seo, agus dhá bhabhta eile i mbliana.
Beidh an MS Europa ag teacht go dtí an Daingean ag tús mhí Lúnasa.
Deir cuid den bpobal gur ana-rud na hárthaí seo do gheilleagar na leithinse ach tá malairt tuairime ann chomh maith a deir go leanann fadhbanna ar nós róphlódú agus tranglam tráchta earnáil na n-árthaí móra.
Abha na Scáil
Deir Comhairle Contae Chiarraí nach fíor go bhfuil na hoibreacha bóthair in Abhainn an Scáil agus sa Daingean ag cur isteach ar dhraenáil báistí sna háiteanna san.
Bhíodar ag freagairt do rún ón gcomhairleoir Séamus Cosaí Mac Gearailt, a dúirt go raibh gearáin fachta aige ó úinéirí tí.
Deir Cosaí go bhfuil iarrtha aige fé dhó ar innealtóirí na scéimeanna san, labhairt leis na húinéirí tí, ach nach bhfuil aon teagmháil déanta fós acu.
Bainne
Tá an praghas a íocfaidh Grúpa Chiarraí ar bhainne tite aríst, agus 2 cent níos lú in aghaidh an lítir á thabhairt acu d’fheirmeoirí a sholáthair bainne dóibh i mí Aibreán.
36.02 cent in aghaidh an lítir atá á thabhairt acu ar lítear bainne anois.
Ní drochscéal ar fad atá ag Grúpa Chiarraí dá bhfeirmeoirí déiríochta áfach, mar go bhfuil íocaíochtaí breise dar luach 11.5 milliún euro le fáil acu ar bhainne na bliana anuraidh.
Fóram Sláinte an Deiscirt
Tá rún ag an gComhairleoir Norma Moriarty ar chlár chruinniú an lae inniu d’Fhóram Sláinte an Deiscirt ag éileamh go gcuirfí breis seirbhísí ar fáil ag Ospidéal Lae Chathair Saidhbhín.
Deir an Comhairleoir Moriarty gur cheart seirbhísí a chur ar fáil san ospidéal lae cúig lá na seachtaine, ar a laghad, mar go bhfuil liosta fada feithimh in Uíbh Ráthach dos na seirbhísí a bhíonn ar fáil ann.
Tá sí ag fiafraí chomh maith, an bhfuil gá le breis fisiteiripeoirí in Uíbh Ráthach, bunaithe ar na liostaí feithimh do sheirbhísí dá leithéid.