Ganntanas foirne
Is léir gur fadhb shuntasach atá sa ghanntanas foirne in Otharlann Leitir Ceanainn, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle sa Dáil inné agus thug sé le fios gur dhúirt altra amháin ansin go raibh sé contúirteach agus mídhaonna.
Thug sé aitheantas don 88 altra as thar lear a thosaigh ag obair san otharlann ó thús na bliana anuraidh agus dúirt sé nach mbeadh Otharlann Leitir Ceanainn in ann gníomhú gan iad.
Rinne an Teachta Pringle achainí arís ar an rialtas dochtúirí as Cúba a fhostú leis an bhrú a bhaint don tseirbhís sláinte anseo.
Deontas
Caithfear achan iarracht a dhéanamh lena chinntiú go mbainfear tairbhe as an deontas de €1.2m atá ceadaithe le pontún a thógáil ag céibh an Bhuna Bhig, agus go rachfar ar aghaidh leis an togra go luath, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Is ábhar mór imní nach bhfuil an ceadúnas cladaigh ceadaithe ag an Roinn don togra go fóill, bíodh is go gcaithfidh an t-airgead a ceadaíodh a bheith caite roimh dheireadh na Samhna, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.
Dúradh ag cruinniú de Choiste Oileáin na Comhairle Contae le gairid gur cosúil go bhfuil roinnt de na hiascairí a bhaineann úsáid rialta as céibh an Bhuna Bhig ag cur i gcoinne plean chun pontún a fhorbairt ag an chéibh.
D'iarr an Comhairleoir Ó Fearraigh ar Rannóg Mara na Comhairle cruinniú a eagrú chomh luath agus is féidir do na dreamanna ar fad a bhaineann úsáid ag céibh an Bhuna Bhig lena seo a phlé.
Tithe Folmha
Tá an post mar Oifigeach Tithe Folmha díreach líonta anois ag Comhairle Contae Dhún na nGall.
D’fhógair Stiúrthóir Rannóg Forbartha Pobail agus Seirbhísí Pleanála na Comhairle, Liam Mac an Bhaird, go bhfuil an post líonta anois, i ndiaidh próiseas earcaíochta a mhair tréimhse fhada.
Dúirt sé go raibh dúshlán postanna a líonadh san rannóg seo, agus go raibh sé níos deacra de bharr gur postanna ar chonradh a ba mhó a ceadaíodh don Chomhairle Contae.
Fógraíodh le gairid fosta go bhfuil Patricia McIntyre ceaptha mar Oifigeach Foirgnimh Tréigthe sna Bailte, agus tá sí i mbun a cuid oibre sa ról sin le seachtain.
Tá feidhmeannaigh phleanála eile á n-earcú le cuidiú déileáil leis an fhadhb atá le tithe folamh agus foirgnimh folmha sna bailte sa chontae, a dúirt Liam Mac an Bhaird.
An Craoslach
Rinneadh go leor moltaí agus tuairimí a nochtadh sa phróiseas comhairliúcháin phoiblí maidir le plean athghiniúna an Chraoslaigh, a dúradh ag cruinniú Choiste Polasaí Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall inné.
Bhí 180 duine i láthair ag seisiún comhairliúcháin phoiblí Déardaoin seo a chuaigh thart, agus rinneadh go leor tuairimí a nochtadh le linn an lae.
Tá an Chomhairle Contae ag scrúdú na bpointí ar fad a rinneadh ag an seisiún ar an Chraoslach.
Beidh deis ag pobal an Chraoslaigh moltaí a dhéanamh ar shuíomh idirlíon CreesloughVillagePlan.Com go ceann tamaill.
Teach cúirte
Tá plean le cur le chéile ag comhlacht comhairleoireachta ina bhfuil moltaí faoin úsáid is fearr gur féidir a bhaint as seanteach cúirte Leitir Ceanainn, mar ionad turasóireachta sa bhaile.
Beidh comhlachtaí á n-earcú ó dheireadh na míosa seo le plean oibre a chur le chéile.
Tá súil ag Rannóg Athghiniúna Bailte na Comhairle Contae go mbeidh socrú maidir leis an phlean oibre don seanteach cúirte roimh dheireadh na bliana seo.
Chuir na Comhairleoirí Contae Gerry Mac Monagail agus Ciarán Brogan fáilte roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le seanteach cúirte an bhaile.