Brú ar scoileanna
Tá brú mór spáis ar mheánscoileanna i Leitir Ceanainn agus i bpáirteanna eile de Dhún na nGall de bharr líon na ndaltaí ón Úcráin atá ar freastal ar na scoileanna, a dúirt Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne McHugh.
Dúirt ball den bhord, Patsy Mac an Bhiocaire gur ábhar imní dó go bhfuil an Roinn Oideachais ag cur ceist ar scoileanna an mbeadh siad sásta seomraí ranga sealadacha a ghlacadh don chéad scoilbhliain eile, le freastal ar dhaltaí ón Úcráin.
Tá eagla air, a deir sé, go gcuirfeadh sé sin isteach ar phleananna na scoileanna cur lena n-áiseanna agus seomraí ranga breise á gcur leis na scoileanna amach anseo.
Deir sé go mbeidh brú mór spáis in go leor meánscoileanna sa chontae an Fómhar seo.
Tá 1,300 dalta as an Úcráin ag freastal ar scoltacha Dhún na nGall faoi láthair.
833 dalta atá ag freastal ar bhunscoltacha agus 467 dalta as an Úcráin atá ag freastal ar mheánscoltachta na contae.
Ag deireadh na míosa seo a chuaigh thart, bhí 15,458 dalta as an Úcráin cláraithe le scoltacha ar fud na tíre, 9,987 i mbunscoltacha agus 5,471 i meánscoltacha ar fud na tíre.
Ionad óige
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ag scrúdú na bhféidearthachtaí Ionad Youthreach Leifear a chur ar bun ar an Srath Bán trasna na teorann i dTír Eoghain, de bharr easpa ionaid lena reáchtáil i Leifear.
Dúradh ag cruinniú den Bhord an tseachtain seo gurbh éigean an t-ionad Youthreach i Leifear a dhruid, de bharr imní faoi chúrsaí sábháilteachta, agus dúradh nach bhfuil ionad fóirsteannach ar bith ar fáil sa cheantar leis an tseirbhís a chur ar bun arís.
Rinne ball den Bhord, An Comhairleoir Gary Doherty, roinnt moltaí maidir le hionaid a d'fhéadfaí a úsáid, agus san áireamh, mhol sé ionad faoi leith trasna na habhann ar an Srath Bán i dTír Eoghain.
Dúirt an Príomhfheidhmeannach Anne McHugh go bhfuil an Bord ag amharc ar ionad ar an Srath Bán agus go bhfuil comhráití ar siúl chun ionad a ghlacadh ar léas ansin.
Uachtarán na hÉireann
Beidh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó Uiginn ag déanamh ionadaíochta don Rialtas ag Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2023 i mBaile na nGallóglach Dé Domhnaigh.
Beidh an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Comhshaoil agus Cumarsáide, Jack Chambers, i gcuideachta an Uachtaráin.
Déanfar bláthfhleasc a leagan i gcuimhne na ndaoine a d’fhulaing agus a fuair bás le linn an Ghorta agus beidh onóracha míleata ann.
Is ag an mharglann i mBaile na nGallóglach ar 2 a chlog Dé Domhnaigh a bheidh an ócáid ar siúl.
Obair chothabhála
Cuirfear tús leis an obair chothabhála ar phríomhbhealach Rann na Feirste ag deireadh na míosa seo.
Ceadaíodh níos mó ná €200,000 don bhealach sin i mbliana agus dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig gur dea-scéal é go mbeidh tús á chur leis an obair seo go luath.
Dúirt sé go bhfuil feachtas ar bun aige le blianta fada leis an bhealach seo a chóiriú agus go bhfuil súil aige go ndéanfar obair dheisiúcháin ar an bhealach uilig go luath.
Scoil Náisiúnta Cholm Cille
Déanfaidh an t-iarAire Oideachais Joe Mc Hugh an píosa breise a cuireadh le Scoil Náisiúnta Cholm Cille i Leitir Ceanainn a oscailt go hoifigiúil inniu.
Cuireadh 3 cinn déag de sheomraí speisialta oideachais leis an scoil, chomh maith le seomraí Ilchuspóireacha, Leabharlann, seomra foirne agus Halla spóirt, togra a chosain €5.5m.
Tá 612 dalta ag freastal ar an scoil agus tá 24 seomra ranga inti.
Tá cuireadh á thabhairt don phobal an foirgneamh úr scoile a fheiceáil tráthnóna amárach.