Bádaí Pléisiúir
Bhéarfaidh 50,000 paisinéir ó Bhádaí Pléisiúir cuairt ar na Cealla Beaga i mbliana, an chéad bhád pléisiúir acu sin inniu.
Tiocfaidh an Norwegian Star atá 294 méadar ar fhad isteach go Céidh na gCealla Beaga ar maidin le 2,813 paisinéir ar bord agus caithfidh siad an lá iomlán sa cheantar.
Is é seo an chéad turas de 4 thuras a bheas ag an Norwegian Star go dtí na Cealla Beaga i mbliana
Tiocfaidh 8 gcinn is 20 de bhádaí Pléisiúir isteach go dtí na Cealla Beaga i mbliana, an líon is mo bádaí pléisiúir riamh go dtí na Cealla Beaga agus an bád is mó acu sin, nó an Norwegian Getaway atá 300 méadar ar fhad agus a mbeidh 4,819 paisinéir ar bord.
Dúirt Coiste Turasóireachta na gCealla Beaga gur fiú na milliúin euro na Bádaí Pléisiúir don bhaile agus don Chontae.
Ráth Bhoth
D'fhógair Easpag Dheoise Ráth Bhotha an tEaspag Alan Mac Eochagáin athruithe sa chléir tráthnóna inné.
Tá sé fógartha go bhfuil Sagart Paróiste Chill Bharrainn i mBéal Átha Seanaigh, an tAthair Cathal Ó Fearraí, le héirí as a chuid dualgas, agus an tAthair Patrick Dunne, a bhí ina Shagart Paróiste i gCill Mhic Réanáin, ceaptha lena áit a ghlacadh.
I measc na n-athruithe eile, is é an tAthair Michael McKeever, a bhí ina Shagart paróiste i nGartán, a bheidh ina Shagart Paróiste anois i gCill Mhic Réanáin, beidh an tAthair Martin Chambers, Séiplíneach Otharlann Leitir Ceanainn ag bogadh go paróiste an Tearmainn, agus is é an tAthair Francis Ferry a bheidh ina Shéiplineach san Otharlann anois, agus tá an tAthair Seamus Dagens ceaptha i bparóiste Thamhnach an tSalainn.
Tá achainí tosaithe ar líne ag baill de phobal Chill Mhic Réanáin ag iarraidh ar an Easpag dul siar ar a chinneadh, agus an tAthair Patrick Dunne a choinneáil sa cheantar.
Tiocfaidh na hathruithe seo i bhfeidhm ar an 10ú Meitheamh.
Báid mhóra
Tá an obair críochnaithe ag comhlacht Mooney Boats sna Cealla Beaga ar an dá bhád is mó atá tógtha ag an chomhlacht go dtí seo.
Críochnaíodh an obair thógála ar an Eilean Croine agus ar an Sparkling Star i monarcha chomhlacht Mooney Boats sna Cealla Beaga.
Tá an dá thrálaer iascaireachta an Eilean Croineagus an Sparkling Star, 31 méadar ar fhad.
Dúirt Lee Mooney, Bainisteoir Stiúrtha Mooney Boats, gur chuir go leor de na comhlachtaí atá lonnaithe sna Cealla Beaga trealamh agus páirteanna ar fáil agus an dá bhád úra seo a dtógáil acu sna Cealla Beaga.
Cheannaigh an t-iascaire Eric Murphy as Baile Chaisleáin Bhéarra i gCorcaigh an Eilean Croine agus ba é an t-iascaire Dónal O’Neill as Baile Chaisleáin Bhéarra fosta, a cheannaigh an trálaer an Sparkling Star.
Bóithre ar oileáin
Rinneadh dul chun cinn mór maidir le feabhas a chur ar bhóithre ar oileáin Dhún na nGall, de bharr comhoibriú a bhí idir Comhairle Contae Dhún na NGall agus an Roinn Forbartha Tuaithe, a dúirt an tAire Heather Humphreys.
Dúirt sí le linn díospóireacht sa Dáil le gairid go raibh moill fhada feabhas a chur ar bhóithre ar oileáin Dhún na nGall, ach go bhfuil bóithre d’ardchaighdeán ar oileáin na contae anois.
Dúirt sí an méid sin le linn plé ar straitéis forbartha a chur le chéile d’oileáin na tíre.
Thagair an tAire Humphreys de dhul chun cinn atá a dhéanamh maidir le forbairtí ar na hoileáin, agus lua sí airgead faoi leith atá curtha ar fáil faoi scéim LIS ar na hoileáin, agus maoiniú faoi leith faoi scéim CLÁR do na hoileáin.
Dúirt sí fosta go bhfuil béim ar mhoil dhigiteacha ar oileáin, mar atá déanta ar oileán Árainn Mhór agus á dhéanamh ar oileán Thoraí faoi láthair.
Plean athghiniúna
Caithfear plean athghiniúna a chur le chéile do na bailte beaga ar fud cheantar bardasach na nGleanntach, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.
Dúirt sí go dteastaíonn i bhfad níos mó infheistíochta ar fud an cheantair bhardasaigh chun forbairt agus athghiniúint a dhéanamh ar bhailte ar fud iarthar na contae.
Caithfear a chinntiú go bhfuil sciar chothrom den mhaoiniú atá á fháil ag an Chomhairle Contae do thograí athghiniúna, á fháil ag ceantar bardasach na nGleanntach, a dúirt sí.
Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallachóir gur dearnadh obair mhaith leis an togra athghiniúna in Ailt an Chorráin agus Árainn Mhór, ach tá géarghá le tograí eile mar seo sa cheantar bardasach, a dúirt sí.