Cíos ag ardú go tréan i gcónaí

De réir na tuarascála atá foilsithe ag an suíomh gabháltais daft.ie inniu, is i gCo Phort Láirge a tháinig an t-ardú is mó ar chostas cíosa sa chéad ráithe don mbliain, i gcomparáid le Contaetha eile Gaeltachta i gCúige Mumhan.

D'ardaigh an cíos i bPort Láirge 15.6% sa tréimhse sin, agus €1,433 ar an meán atá sé anois.

D’ardaigh an cíos 11.3% i gCiarraí agus 8.9% i gCo Chorcaí.

Suim go háitiúil agus i gcéin i dtig tábhairne

Tá suim á léiriú go háitiúil agus tá suim á léiriú ag Éireannaigh i gcéin i dTábhairne na hUíne sa Chillín Liath ó cuireadh ar an margadh é i dtús mhí Márta.

Tá treoirphraghas €400,000 luaite leis an dtig tábhairne ina bhfuil 4 sheomra leapan ar láthair atá suite ar 1.7 acra talún.

Tá gnó tí tábhairne agus siopa ann ó 1989 ach tá sé beartaithe anois ag úinéirí na háite, muintir Chonchúir, dul ar scor.