Tránna

Léirítear i dtuarascáil ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go raibh trá i nDún na nGall i measc trí thrá sa tír a raibh droch-chaighdeán uisce snámha iontu.

Dúradh i dTuarascáil Chaighdeán Uisce Snámha in Éirinn go raibh droch-chaighdeán uisce i dTrá na mBan i mBun Cranncha de bharr an tionchair a bhí ag ionad cóireála fuíolluisce Bhun Crannacha ar an trá.

Tugadh le fios go raibh fuíolluisce ag teacht amach as córas bailiúcháin an bhaile corr uair.

De réir na tuarascála, d'éirigh le 97% de thránna sa tír nó 144 as 148 trá an caighdeán sásúil d’uisce snámha a bhaint amach.

Coirpigh

D’iarr Gardaí Dhún na nGall ar lucht gnó sa chontae, go háirithe úinéirí siopaí agus stáisiúin bhreosla thuaithe, a bheith ar a n-airdeall, de bharr fianaise atá acu go bhfuil buíon coirpigh ag feidhmiú sa réigiún faoi láthair.

Deir siad go ndéanann na coirpigh seo monatóireacht ar na hionaid ghnó roimh ré, agus go minic go ngearrann siad sconsaí agus go bhfuil trealamh acu le cur isteach ar chórais aláraim.

Thug siad le fios go bhfuil sé de nós ag na coirpigh seo briseadh isteach tríd an díon nó doras cúil, agus go mbíonn tóir acu ar airgead tirim óna hionaid, agus ó ghléasanna bainc sna hionaid, le cois toitíní.

Dúirt Gardaí go bhfuil nós acu fosta córas ceamaraí slándála a thógáil óna hionaid le nach mbeidh fianaise fágtha ina ndiaidh.

Fóram Comhionannais Bia

Reáchtáil Fóram Comhionannais Bia Dhún na nGall cruinniú i Leitir Ceanainn an tseachtain seo leis na deacrachtaí atá ag daoine maidir leis an ardú atá tagtha ar chostais bia a phlé.

Ba é Sláinte Care, an Comhairle Contae agus na heagrais phobail a bhíonn ag plé le Bancanna Bia ar fud na contae atá mar bhaill den fhóram.

Dúirt Maire Uí Chomhail ball den Fhóram go bhfuil ardú mor ar líon na dteaghlach atá ag lorg tacaíochta bia ón Nollaig.

Dúirt sí gur cheart don Rialtas tacaíocht a chur ar fáil do na daoine atá ag streachailt agus go bhfuil sé beartaithe acu a dhul go Dáil Éireann le haird a thabhairt ar a n-achainí.

Céibh Mhachaire Rabhartaigh

Tá talamh ceannaithe ag an iascaire John O’Brien in aice le céibh Mhachaire Rabhartaigh le hionad stórála a thógáil ansin le crúbóga a stóráil ansin sula dtabharfar chun an mhargaidh iad.

Dúirt sé go mbeidh iarratas á dhéanamh ar chead pleanála chun an t-ionad seo a thógáil, agus chuir sé é sin in iúl do Rannóg Pleanála na Comhairle Contae ag cruinniú Choiste na nOileán an tseachtain seo.

Dúirt sé gur seans nach mbeidh leoraithe ar an chéibh oiread feasta chun an t-iasc a thabhairt i dtír, agus an áis seo ar fáil daofa, in aice na céibhe.

Patricia McIntyre

Tá Patricia McIntyre ceaptha ag Comhairle Contae Dhún na nGall mar Oifigeach Athghiniúna Bailte do chontae Dhún na nGall.

Tá sí ag cur tús lena cuid cúraimí an tseachtain seo.

Níl an próiseas earcaíochta críochnaithe go fóill maidir le post Oifigeach Tithe Folmha sa chontae.

Tá oifigeach pleanála úr nua agus ailtire úr nua atá ceaptha le bheith ag obair le rannóg athghiniúna bailte sa chontae chomh maith.