Feirm ghaoithe
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh aon fheirm ghaoithe ar muir a d'fhorbrófaí amach ó Phort Láirge, ar a laghad 22 ciliméadar ón gcósta, a dúirt Niall Ó Faoláin ón ngrúpa feachtasaíochta Blue Horizon ar Adhmhaidin ó chianaibh.
Tá 10 gcinn d’iarratais déanta ag comhlachtaí fuinnimh éagsúla faoi láthair, d’fhonn taighde a dhéanamh ar cé chomh hoiriúnach is a bheadh cósta Phort Láirge dos na feirmeacha gaoithe, agus as an 10 n-iarratas san, tá cheithre iarratas ag iarraidh go mbeadh na feirmeacha i ngiorracht 10 gciliméadar don gcósta.
Cead pleanála
Tá cead pleanála diúltaithe ag Comhairle Contae Chorcaí d’fheirm ghaoithe in Iarthar Chorcaí.
Dhein Ballybane Windfarms iarratas chun 7 dtuirbín a thógaint in aice Bheanntraí, iarratas a tharraing mórán conspóide toisc áilleacht nádúrtha an cheantair, agus tá diúltaithe ag an gcomhairle don iarratas anois.
Eachtra lámhaigh
Tá na Gardaí i gCorcaigh i mbun fiosruithe ar maidin fé fhear a chuaigh chomh fada le hospidéal na hOllscoile, Corcaigh, tar éis a 5am ar maidin, agus é lámhachta. Thit an fear, atá ina 40ídí a tuigtear, as a sheasamh tar éis dó an t-ospidéal a bhaint amach.
Tá na Gardaí ag achainí ar éinne a bhí i gceantar Wilton idir a 5 agus 5.45am agus a chonaic aon ní bunoscionn, dul i dteagmháil le stáisiún Gardaí An Tóchair.
Tránna
Tá an caighdeán glaineachta is airde amuigh sa tsáile ag na tránna Gaeltachta ar fad i gCiarraí de réir Thuarascáil bhliaintúil na Gníomhaireachta Um Chaomhnú Comhshaoil, an EPA.
Deineadh trialacha ar an uisce ag tráigh na Uíne, tráigh Dhoire Fhíonáin agus Tráigh Bhaile an Sceilg, in Uíbh Ráthach, agus deineadh amach go raibh an t-uisce chomh glan le scilling.
An dáltha céanna a bhí i gceist ag Tráigh Fionntrá i gCorca Dhuibhne.
Iascairí
Beidh cruinniú ar siúl inniu idir iascairí leithinis Chorca Dhuibhne agus Iascach Intíre Éireann.
Tá mórán ceisteanna ag na hiascairí le cur ar na hoifigigh agus soiléiriú á lorg acu ar cad is féidir agus nach féidir leo a dhéanamh agus iad ar an bhfarraige.
Tá an cruinniú seo á éileamh ar iascairí Chorca Dhuibhne le fada agus iad ana-shásta, go bhfuil cinneadh déanta ag Iascach Intíre Éireann, bualadh leo i gCill Airne tráthnóna inniu.
Armáid na Spáinne
Mhaígh an TD Aengus Ó Snodaigh SF sa Dáil le déanaí, go ngoideadh iarsmaí ó Armáid na Spáinne ar chósta Chiarraí sna 1960í, agus go ndíoladh ar an margadh príobháideach iad.
Briseadh an dara long ba thábhachtaí san Armáid, An Santa Maria de la Rosa, i mBealach an Bhlascaoid in 1588, agus bhí tumadóirí á cuardach ar feadh cúpla bliain sna 60idí.
Ag labhairt dó agus Bille na hOidhreachta Stairiúla agus Seandálaíochta á phlé, dúirt an Teachta Ó Snodaigh gurb é an feall é nach féidir, ach an oiread dul siar agus an stór stuif a goideadh ón Armáid amach ó chósta Chiarraí a fháil thar n-ais.