Taisme san Astráil

Gortaíodh fear as Dún na nGall go dona i dtaisme bhóthair a tharla san Astráil ag tús na míosa seo.

Bhain gortaithe cloigne de Lee McCarron as Inis Eoghain nuair a rinne sé iarracht stop a chur le heachtraí gadaíochta taobh amuigh dá theach cónaithe in Perth na hAstráile nuair a rinneadh iarracht a charr a ghoid.

Tugadh chun na hOtharlainne é, áit a bhfuil sé go dona tinn.

Chuaigh a theaghlach chun na hAstráile le bheith leis agus tá Bleachtairí in Perth na hAstráile ag leanstán lena bhfiosrúcháin sa chás.

Leitir Ceanainn

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall John Mc Laughlin go gcuideoidh an plean atá á ullmhú do bhaile Leitir Ceanainn go mór le cúrsaí forbartha ar an bhaile.

Dúirt sé go bhfuil go leor dúshlán rompu go háirithe maidir le bóithre agus tithíochta de.

Chan amháin go bhfuil an plean tábhachtach do Leitir Ceanainn ach tá sé tábhachtach don Chontae agus do Réigiún an Iar-Thuaiscirt a dúirt sé.

Caitheadh bunús an lae inné ag plé plean do bhaile Leitir Ceanainn agus d'aontaigh Comhairleoirí Contae athrú a dhéanamh ar chuid de na moltaí a cuireadh os a gcomhair, rud a chiallaíonn go gcuirfear na hathruithe a rinneadhos comhair an phobail arís agus go mbeidh gá le tuilleadh cruinnithe sula nglacfar leis an phlean.

Ceann de na moltaí a aontaíodh ná gur cheart 122 heicteár de thalamh a chriosú do thithíocht in áit 57 heicteár mar a bhí luaite sa phlean.

Dúirt an Comhairleoir Contae Ciaran Brogan go bhfuil géarghá níos mó talamh a chriosú ar fud an bhaile agus éileamh as cuimse ar thithíocht, idir thithe sóisialta agus tithe príobháideacha.

Dúirt an Comhairleoir Brogan go bhfuil sé fíorthábhachtach talamh ó dheas d'Abhainn na Súilí a chriosú.

Ghlac Comhairleoirí Contae Dhún na nGall leis na moltaí a rinneadh maidir le déileáil le baol tuillte i bplean forbartha Leitir Ceanainn inné.

Tuilte

In ainneoin gur cuireadh fáilte roimh an méid a fógraíodh ar an tseachtain s’chuaigh thart maidir le Scéim Baol tuilte don bhaile, tugadh le fios ag an chruinniú inne go mbeidh sé 6 bliana eile sula mbeidh siad fiú ag an staid phleanála.

Tá gá le hathbhreithniú iomlán ar an chóras pleanála atá i bhfeidhm i láthair na huaire le méadú a dhéanamh ar fhorbairtí i mbailte agus i sráidbhailte tuaithe, dar leis an Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle.

Ag labhairt dó sa Dáil an tseachtain seo, le linn rún ar phleanáil agus ar thithíocht tuaithe dúirt an Teachta Pringle go bhfuil an córas pleanála reatha ag cur go mór leis an ghéarchéim tithíochta faoi láthair go háirithe i gceantracha tuaithe áit a bhfuil sé ag éirí níos deacra pleanáil a fháil.

Caithfear athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an chóras pleanála a dhíríonn ar thosaíocht a thabhairt d’fhorbairtí i gceantracha tuaithe, a dúirt an Teachta Pringle.

Ní leor forbairtí a dhéanamh i gceantracha amhail Baile Dhún na nGall agus na Gleannta, cé go bhfuil géarghá le forbairtí sna bailte seo ach caithfear díriú ar shráidbhailte mar Theileann, An Charraig agus Gleann Cholm Cille chomh maith, a dúirt an Teachta Pringle.

Tá lá eolais faoi Scéim Faoisimh Tuilte na nDúnaibh á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall don phobal inniu.

Déanfaidh comhairleoirí agus ionadaithe ón Chomhairle Contae agus ó Oifig na nOibreacha Poiblí cur i láthair ar an rogha is fearr maidir leis an scéim sula dtéann sé fhad leis an phróiseas pleanála.

Tabharfar deis don phobal an rogha is fearr a phlé le linn na hócáide agus aiseolas a fháil maidir leis na haighneachtaí a rinneadh le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí.

Beidh an lá eolais ar siúl ón 4 – 8 a chlog tráthnóna inniu in Ionad Acmhainní Teaghlaigh an Mhíobhaí sna Dúnaibh.

Seó Balmoral

Tá seastáin eolais ag Rannóg Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag Seó Balmoral atá ar siúl an tseachtain seo.

Tá trí cinn déag de ghnólachtaí sa chontae páirteach sa taispeántas atá ag an Chomhairle Contae.

Tá Seó Balmoral ar an taispeántas bídh agus talmhaíochta is mó sna Sé Contae agus bíonn na mílte ag freastal ar an seó achan lá.

Cuireadh tús le Seó Balmoral inné agus beidh sé ar siúl go dtí Dé Sathairn.