Coláiste Íosagáin
Tá maoiniú breise fachta ag Údarás na Gaeltachta ó Fhiontraíocht Éireann chun cabhrú leo, cuid dos na costaisí a bhaineann le forbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne a sheasamh.
Deir bainisteoir thogra Choláiste Íosagáin, Cathal Ó Conaill in agallamh d'Adhmhaidin inniu go bhfuil súil acu tabhairt faoi shuirbhé éiceolaíochta ar an sciathán leathair an Samhradh seo, agus gur cheart don ionad GTeic a bheith oscailte ann, faoi dheireadh na bliana seo chugainn.
Airgead gan úsáid
Bhí os cionn 300 míle Euro a bhí ar fáil do sheandaoine agus daoine fé mhíchumas a bhí ag maireachtáil i dtithíocht sóisialta i gCiarraí nach úsáideadh anuraidh.
Sin é a dúirt an Teachta Dála Pa Daly ag labhairt dó sa Dáil.
Deir an TD fhéin gur dóigh leis nach bhfuil daoine á n-éileamh mar go bhfuil teorainn na maoinithe ró-íseal chun aon athrú mór a dhéanamh dá dtithe.
Cuireadh níos mó ná 1.07 milliún Euro ar fáil do mhuintir Chiarraí anuraidh fén maoiniú seo ach ní tugadh amach ach 775 míle Euro de sin.
Tá mórán daoine i gCiarraí go gcabhródh an t-airgead seo leo, arsa an TD, agus go gcaithfidh an Chomhairle iniúchadh a dhéanamh ar an méid a cheadaítear sna maoinithe le go mbeadh éileamh ar an scéim mar is ceart, go gcuireadh sé le saol na ndaoine a bhfuil sé ann dóibh.
Cuan Dhún Garbhán
Tá iarratas déanta ag Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge ar mhaoiniú chun taoscadh a dhéanamh ar chuan Dhún Garbhán.
Thug an tInnealtóir Josephine McGrath an méid sin le fios ag cruinniú na seachtaine seo de cheantar bardasach Dhún Garbhán agus an Leasa Mhóir.
Bhí sí ag freagairt ceiste ón gcomhairleoir Damien Geoghegan a dúirt go mbíonn an láib ag cur isteach ar bháid ag lag trá.
Sheas an Comhairleoir Conor McGuinness le tuairim an chomhairleora Geoghagan agus d’fhiafraigh sé an mbeadh aon tairbhe ann taoscadh a dhéanamh ag Heilbhic chomh maith ag an am chéanna.
Dúirt an tInnealtóir Joseophine McGrath go bhfuil iarratas déanta ag an gComhairle ar mhaoiniú dreideála agus go ndéanfar arís é más gá.
Ceolchoirm
Tá sé curtha in iúl ag coiste na féile All Together Now a bhíonn ar siúl sa Churrach Mór i bPort Láirge ag deireadh an tsamhraidh, go mbeidh breis ticéadaí agus pasanna ar díol maidin amárach.
Tá na céadta ceoltóirí agus amhránaithe fógartha acu i mbliana, Iggy Pop, Lorde, Caribou, Jessie Ware, Max Richter agus Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus an grúpa iomráiteach, na Sugababes, ina measc.
Is i gcontae Phort Láirge in Eastáit an Churraigh Mhóir a bhíonn an ócáid ar siúl, agus an-éileamh ar na ticéadaí gach aon bhliain.
Is ón 4ú lá go dtí an 6ú lá do mhí Lúnasa a bheidh an fhéile cheoil ar siúl.
Mionúir
Ainmníodh foireann mionúir chaide Chontae Chorcaí aréir don gcluiche ceathrú ceannais le Ciarraí tráthnóna i bpáirc Uí Chaoimh.
Tá Adam Ó Duinnín ó Chill na Martra ainmnithe i measc na bhfear ionad.
Cuirfear tús leis an gcluiche ar a 7 a chlog.
Crannchur
Buadh Lotto Lios Póil aréir. Is é Neilus McAuliffe ó Chordal a roghnaigh na huimhreacha 1, 11, 17 agus 24, agus tá ceithre mhíle, trí chéad agus caoga euro buaite aige.
Beidh dhá mhíle euro i bpota na seachtaine seo chugainn.