Molteic an Daingin

Deir cathaoirleach chomhchoiste an Oireachtais ar chúrsaí Forbartha Pobail agus Tuaithe, an Teachta Dála Denis Naughten, gur cruthúnas ar an dtábhacht a bhaineas le comhoibriú i dtograí, an méid atá á láimhseáil ag Molteic an Daingin.

Dúirt an Teachta Naughten an méid sin tar éis dó éisteacht le Bainisteoir an Mhoil, Deirdre de Bhailís, a rinne cur síos don gcomhchoiste ar na tograí ar fad atá á rith fé scáth an Mhoil.

Ceann de na beartais a luadh ag an gcomhchoiste ná togra inár feistíodh painéil ghréine agus cadhnraí i mBaile an Fheirtéaraigh. Theastaigh ó dhéantóir na gcadhnraí, comhlacht Gearmánach, na cadhnraí a chur i bhfearas iad féin, ach chuir lucht an togra ina luí gaidhte orthu gur cheart comhlacht áitiúil a thraenáil chun na hoibre. Deineadh san, agus tá an chomhlacht sin méadaithe fá trí ó shin.

Costaisí Taistil

Ba é an TD Michael Collins ó Chorcaigh Thiar Theas an ball Oireachtais ba mhó a d'éiligh costaisí taistil agus eile anuraidh, de réir cuntaisí deiridh bliana Thithe an Oireachtais.

Beagáinín le cois €54,000 de chostaisí a íocadh leis an Teachta Collins anuraidh.

Bhí Teachtaí na nDáilcheantar Gaeltachta ó dheas ina measc siúd is mó a íocadh costaisí leo, toisc chomh fada ón Dáil atá a fhormhór ina gcónaí.

Idir €49,000 agus €54,000 a íocadh leis an gcúigear déag Teachta Dála, seachas an tAire Norma Foley agus an tAire Stáit Mary Butler, a fuair €15,000 agus €16,000 fé seach.

Cúrsa Turasóireachta do dhaltaí meánscoile

D’éirigh go hana mhaith le cúrsa nua faoin dturasóireacht, a riaradh le daltaí idirbhliana Phobalscoil Chorca Dhuibhne le déanaí.

Is í Muireann Nic Giolla Rua, a chuir an cúrsa le chéile i dtaca le Dúchas an Daingin, agus deir sí in agallamh d’Adhmhaidin inniu go dtuigeann na daltaí go maith tábhacht na teangan agus an chultúir in earnáil na turasóireachta, mar gurb iad an dá ní sin, cuid dos na cúiseanna is mó a bhíonn ag daoine, teacht go leithinis Chorca Dhuibhne.

Spórt

Tá triúr ón nGaeltacht ainmnithe ar fhoireann mionúr caide Chontae Chiarraí don gcluiche ceathrú ceannais le Corcaigh amárach.

Beidh Séamus de hÓrdha ón Daingean sa bháire.

Tá Seán Ó Coinn ó Chumann na Gaeltachta ainmnithe ag uimhir a 12 agus tá Aodhna Ó Beaglaoich ón nGaeltacht i measc na bhfear ionad.

Is ar a 7 a chlog amárach a bheidh an cluiche i bPáirc Uí Chaoimh.