Eolas de dhíth faoi riachtanais tithíochta
Ba cheart seisiúin chomhairliúcháin faoi thithíocht a eagrú in achan cheantar bardais i nDún na nGall le go bhfaigheadh an Chomhairle Contae eolas cruinn ar riachtanais tithíochta an phobail a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Polasaí Straitéiseach Tithíochta na Comhairle le gairid go bhfuil géarchéim tithíochta sa chontae agus nach bhfuil go leor á dhéanamh ag an Chomhairle le déileáil leis an fhadhb.
Dúirt sé fosta gur seans nach bhfuil an tuiscint ag roinnt de Stiúrthóirí na Comhairle Contae ar chomh holc agus atá an ghéarchéim tithíochta i nDún na nGall.
Mhol sé do dhaoine óga a n-ainmneacha a chur ar liosta feithimh tithíochta na Comhairle Contae nuair a bhíonn siad ocht mbliana déag d'aois.
Caithfear maoiniú breise a fháil ar bhonn práinne chun tuilleadh tithe a thógáil agus a cheannacht, a dúirt sé.
Gairm na hIascaireachta
Caithfear achan iarracht a dhéanamh le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga slí beatha a bhaint amach in earnáil na hiascaireachta, a dúradh ag cruinniú de Choiste Polasaí Iascaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid.
Dúirt ionadaí Chomhdháil na nOileán ar an Choiste, Gerry Early, nach bhfuil mórán daoine óga ann atá ag plé le hearnáil na hiascaireachta i nDún na nGall faoi láthair agus gur cheart tacú le daoine óga a mbeadh suim acu tabhairt faoin iascaireacht.
Níl fiú deichniúr faoi bhliain agus fiche d’aois ag plé le hearnáil na hiascaireachta ar chósta Dhún na nGall faoi láthair a dúirt Gerry Early ag cruinniú de Choiste Polasaí Iascaigh na Comhairle le gairid.
Mhol Cathaoirleach an Choiste, an Comhairleoir Niamh Kennedy gur cheart teagmháil a dhéanamh le leithéidí Bhord Iascaigh Mhara agus Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le scrúdú a dhéanamh ar na deiseanna a d’fhéadfaí a fhorbairt d’iascairí óga.
Tonnchosc nua ag an Chaisleán Nua
Beidh an obair atá ar bun faoi láthair ar thonnchosc úr ag an Chaisleán Nua ina bhuntáiste mór d’earnáil na hiascaireachta agus na turasóireachta in Inis Eoghain, a dúirt an Comhairleoir Martin Farren.
Dúirt sé go mbeidh na clocha á dtabhairt go dtí an chéibh ón lá inniu ar aghaidh don obair atá le déanamh leis an tonnchosc úr a thógáil.
Tá conradh ar fiú €16m sínithe don obair atá le déanamh ag an Chaisleán Nua.
Tugadh le fios ag cruinniú Choiste Iascaigh na Comhairle Contae le gairid go dtáinig méadú de €1.24M ar chostais tógála don togra, ach dúirt Rannóg Mara na Comhairle go bhfuil airgead breise faighte ó Roinn na Mara lena sin a chlúdach.
Bronnadh conradh ar an 11ú lá d’Aibreán ar chomhlacht Foyle & Marine Dredging chun an tonnchosc a thógáil, agus tá sprioc acu go mbeidh an obair ar fad críochnaithe sa tríú ráithe den bhliain seo.
Turibíní Gaoithe
Deir an Comhairleoir Contae Niamh Kennedy, Cathaoirleach Choiste Iascaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall, go dteastaíonn soiléiriú maidir leis an phlean tuirbíní gaoithe a fhorbairt san fharraige amach ó chósta Dhún na nGall.
Dúirt sí gur ábhar imní gur cosúil go mbeidh go leor tuirbíní san fharraige amach ó Bháighe Dhún na nGall go háirithe, agus tá sí imníoch faoin tionchar a bheadh ag forbairtí mar seo ar chúrsaí iascaireachta.
D’iarr sí go gcuirfeadh an Rialtas tuarascáil ar fáil don Choiste ar cén plean go díreach atá ann chun tuirbíní a fhorbairt amach ó chósta Dhún na nGall.
Caithfear a chinntiú nach mbeidh tionchar diúltach ag forbairtí mar seo ar chúrsaí iascaireachta ar chósta iarthuaisceart na tíre, a dúirt an Comhairleoir Niamh Kennedy.
Cóiriú ar thithe tréigthe
Cuideoidh an scéim Chroí Cónaithe cóiriú a dhéanamh ar sheantithe atá folamh nó tréigthe le gur féidir cónaí iontu arís, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.
Dúirt sé go gcuideoidh an scéim seo fosta brú a bhaint de liosta tithíochta na Comhairle Contae.
Is dea scéal go bhfuil athruithe déanta ar an scéim Chroí Cónaithe le gur féidir €70,000 de dheontas a fháil le cóiriú a dhéanamh ar sheanfhoirgnimh atá tréigthe agus €50,000 le cóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá folamh, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.
Dúirt sé go bhfuil go leor seantithe atá tréigthe agus folamh ar fud iarthar Dhún na nGall, go bhféadfaí a chóiriú faoin scéim Chroí Cónaithe.
Fodhlíthe ag céibheanna
Ba cheart go mbeadh fodhlíthe i bhfeidhm ag na céibheanna ar fad ar fud Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae Johnny McGuinness.
Caithfear cosaint mar is ceart a thabhairt d’iascairí agus do dhaoine a bhaineann úsáid ag bádaí pléisiúir ag céibheanna an chontae, a dúirt an Comhairleoir McGuinness.
Dúirt sé go dteastaíonn córas mar is ceart chun a chinntiú go mbeidh spás sábháilte ag achan dream a bhaineann úsáid as céibheanna an chontae, agus is é an réiteach is fearr ar an fhadhb, ná fodhlíthe a chur i bhfeidhm ag na céibheanna ar fad chomh luath agus is féidir.
Oibreacha uisce i nGlaise Chú
Deir Uisce Éireann go bhfuil obair ar bun acu inniu le píopa a réabadh i nGlaise Chú agus soláthar uisce sa cheantar a chur ina cheart arís.
Táthar ag súil go mbeidh na hoibreacha seo críochnaithe roimh a 2 a chlog inniu, agus soláthar uisce iomlán sa cheantar arís cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin.