An Craoslach

Seolfaidh Grúpa Oibre an Chraoslaigh atá faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cumann Pobail an Chraoslaigh comhairliúchán poiblí inniu dírithe ar phlean do bhaile an Chraoslaigh.

Tá sé i gceist plean a ullmhú don bhaile agus deiseanna forbartha don bhaile a mheas chomh maith le hathghiniúint agus cneasú i ndiaidh na tragóide a tharla ar an 7 Deireadh Fómhair anuraidh.

Tá seirbhís tacaíochta saor in aisce á cur ar fáil ag Comhlacht Comhairleoireachta Arup don phlean.

Mairfidh an chéad chuid den chomhairleoireacht phoiblí ón lá inniu go dtí an 25ú lá den mhí seo.

Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Beidh tráthnóna eolais ar siúl in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh i Leitir Ceanainn inniu dírithe ar eolas a chur ar fáil do dhaltaí a mbeadh suim acu tabhairt faoi chúrsaí ansin.

Beidh baill foirne ó achan rannóg i láthair ag an tráthnóna eolais idir a 4.00 agus a 7.00 tráthnóna inniu le heolas agus comhairle a chur ar fáil faoi na cúrsaí ar fad atá á dtairiscint acu.

Beidh sraith cainteanna tráthnóna fosta ón 5.00 go dtí 6.30 ar théamaí ar nós deontais SUSI, cúrsaí ar líne, an dóigh le hathrú a dhéanamh ar rogha CSO agus na cúrsaí ar fad atá á dtairiscint ag an ATU I Leitir Ceanainn.

Plean Iompair

Beidh ceardlann ag Comhairleoirí Contae Dhún na nGall i Leifear inniu le Plean Iompair Bhaile Leitir Ceanainn a phlé.

Thug Stiúrthóir Rannóg Seirbhísí Pobail agus Pleanála na Comhairle Contae, Liam Mac a Bhaird, le fios go gcaithfear socrú a bheith déanta faoi Phlean Leitir Ceanainn roimh an 10 Bealtaine agus socraíodh go mbeadh cruinniú arís ar ábhar ar an 10ú lá.

Níor éirigh leis na Comhairleoirí Contae a theacht ar chinneadh faoin phlean ag cruinniú ar an 24 Aibreán.

Tithíocht

Níl sé ceart go bhfuil moill chomh fada ar an obair thógála ar eastát le 29 teach cónaithe ar shuíomh Ard Scoil Mhuire i nGaoth Dobhair, a deir an Comhairleoir Contae Michéal Cholm Mac Giolla Easpaig.

Tá liosta fada feithimh i nGaoth Dobhair do thithe Comhairle Contae, agus níl sé ceart go bhfuil moill fhada tús a chur leis an obair thógála ar an scéim tithíochta seo sa cheantar, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil ar dhaoine ón cheantar bogadh go háiteanna eile sa chontae de bharr an easpa tithe atá ar fáil i nGaoth Dobhair, agus dúirt sé go bhfuil faillí á dhéanamh ag an Chomhairle Contae ar an cheantar, leis an mhoill fhada tús a chur leis an scéim tithíochta seo sa pharóiste.

Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall

Tá sé fógartha ag coiste Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall go bhfuil an comhlacht Wilton Recycling as Co. an Chabháin mar phríomh-urra ar Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall go ceann trí bliana.

Dúirt Brian Brogan, Cathaoirleach Chlub Mótair Dhún na nGall, go bhfuil infheistíocht iontach á déanamh ag Wilton Recycling i Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall, agus dúirt sé go bhfuil ceangal láidir ag an chomhlacht leis an railí.

Ghlac úinéir Wilton Recycling, Rodney Wilton, páirt sa railí go minic.

Cuirfear tús le railí na bliana seo ar an 16ú lá den mhí seo chugainn. Tá deis ag iomaitheoirí clárú do railí na bliana seo ón Aoine seo a chuaigh thart.