N86
Deir Bonneagar Iompair Éireann go bhféachfar i dtreo dheireadh na bliana seo ar cén maoiniú, más ann dó in aon chor, a chuirfear ar fáil do mhórthogra feabhsúcháin phríomhbhóthar an N86 idir an Com agus an Daingean in 2024.
Michael Kennedy ó Bhonneagar Iompair Éireann a thug an méid sin le fios mar fhreagra ar cheist Dála ón dTeachta Brendan Griffin, a lorg an scéal is déanaí fén dtogra.
Cléire
Beidh athrú as seo amach ar amanta seolta Bhád Farantóireachta Chléire.
Fágfaidh an bád Dún na Séad ar a 10.45, ar a 2 agus arís ar a 6 a chlog.
Fágfaidh sí Cléire ar a 9 ar maidin, ag mean lae agus arís ar a 4.30. Is í an Charraig Mhór atá ar an bhfarraige faoi láthair.