Plean Teanga

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta an Teachta Dála Patrick O'Donovan Plean Teanga na Gaeltachta Láir a sheoladh in Áras Sheáin Bháin i mBaile na Finne tráthnóna inné.

Fágann sin anois go bhfuil 10 bplean teanga ar fad seolta i nDún na nGall.

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh sheoladh Phlean Teanga na Gaeltachta Láir.

I Ráiteas ón Údarás deirtear go bhfuil sé mar aidhm ag an Phlean Teanga dul i bhfeidhm ar chleachtas teanga an phobail ar bhealach dearfach, agus líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Limistéar Pleanála Teanga a ardú faoi 10% le linn thréimhse seacht mbliana an phlean.

Thréaslaigh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin le pobal na Gaeltachta Láir agus le achan duine a raibh lámh acu i réiteach an phlean.

Is iad Gleann Fhinne CTR, Ceanneagraíocht na Pleanála Teanga i Limistéar Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir agus Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Láir, a stiúir an próiseas seo ó cuireadh tús leis i mí Aibreán 2017.

Mná Tí

Mhol an tAire Stáit Gaeltachta Patrick O'Donovan an obair atá á déanamh ag Mná Tí na Gaeltachta agus dúirt sé go mbeidh ceist na mBan Tí maidir le tacaíocht bhreise á plé aige leis an Aire Caiteachais Phoiblí Pascal O' Donohue nuair a bhéas buiséad 2024 a ullmhú.

Maidir leis an athbhreithniú atá á lorg ar an Phlean Teanga, dúirt an tAire Stáit O'Donovan go bhfuil comhairleoir neamhspleách á aimsiú faoi láthair agus go bhfuil súil aige go mbeidh eolas aige ar an cheist níos moille sa tSamhradh.

Dúirt an tAire Stáit O'Donovan go dtuigeann sé go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt do cheantracha Gaeltachta, dúirt sé gur thóg sé an cheist le Feidhmeannaigh na Roinne ach gur ceist í don Rialtas go hiomlán.

Naíonraí na Gaeltachta

Is é an sprioc is mó atá i bplean straitéiseach Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a seoladh i nGaoth Dobhair inné, ná seirbhísí d'ardchaighdeán a sholáthar, a dúirt Ray Mac Pháidín, Príomhfheidhmeannach Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.

Béifear ag díriú ar sheirbhísí agus ar oideachas d’ard chaighdeán sna luathbhlianta, a dúirt sé.

Tá 220 duine fostaithe ag an eagraíocht agus iad ag freastal ar 1,800 páiste ar fud na Gaeltachta.

Tithíocht

Tá obair thógála ar siúl ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar 60 aonad tithíochta do chlár tithíochta na Comhairle faoi láthair.

Tá an obair thógála ar siúl ar 24 aonad tithíochta i mBaile Dhún na nGall, áit a mbeidh ceithre theach agus 20 árasán.

Beidh an obair ar an scéim sin críochnaithe i mí Lúnasa i mbliana.

Beidh an obair ar 19 aonad úr tithíochta i mBealach Féich críochnaithe in Aibreán na bliana seo chugainn, agus beidh an obair ar 29 aonad i Leifear críochnaithe i mí an Mheithimh 2024.

Tá an obair chor a bheith críochnaithe ar 11 aonad tithíochta i Rath Bhotha, ach cuireadh moill ar chríochnú na scéime mar gur ceapadh riarthóir don chomhlacht tógála, agus tá iarrachtaí ar bun chun conraitheoir eile a cheapadh leis an obair a chríochnú.

Lena chois sin beidh teach seacht seomra leapa críochnaithe i mí Feabhra seo chugainn.

Scoileanna

Tá Dún na nGall ar an tríú contae is mó sa tír a bhfuil obair thógála ar siúl i scoileanna sa chontae faoi láthair.

De réir an eolais atá curtha ar fáil ag an Aire Oideachais Norma Foley, tá obair thógála ar siúl i 20 scoil i gcontae Dhún na nGall faoi láthair, faoi scéim mhór thograí caipitil na Roinne agus Scéim Cóiríochta Breise do Scoileanna.

Thug an tAire le fios fosta go bhfuil dearadh á dhéanamh maidir le naoi dtogra tógála ag scoileanna sa chontae agus go bhfuil dearadh ar bun maidir le cúig thogra tógála eile.