Plean Teanga
Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Patrick O'Donovan, Plean Teanga na Gaeltachta Láir inniu.
Seo an chéad chuairt oifigiúil ar Ghaeltacht Thír Chonaill ag an Aire Stáit O’Donovan ina Aire Stáit na Gaeltachta.
Is in Áras Sheáin Bháin i mBaile na Finne a bheidh an plean á sheoladh tráthnóna inniu ag 6:30.
Turais Badaí Pléisiúir
Tá tús curtha arís ag an chomhlacht JMG Cruises leis na Turais Badaí Pléisiúir i Machaire Rabhartaigh.
Dúirt James Anthony Mac Fhionnghaile ón Chomhlacht gur chuir Covid deireadh tobann lena ngnó a raibh 25 thuras eagraithe acu don bhliain 2020.
Tá conradh ag JMG Cruises leis an chomhlacht Ambassador Cruise Line atá lonnaithe i Sasana agus tá 5 thuras eagraithe i mbliana amach as Calafort Bhéal Feirste.
Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí le spás ag Bádaí Pléisiúir i gCalafort Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an Bhreatimeacht agus go bhfuil úsáid á baint acu den chéad uair as Calafort Bhéal Feirste.
Tá long an Ambience in ann 1,100 paisinéir a iompar, 450 paisinéir acu sin a bheidh ag taisteal le comhlacht JMG.
Eitinn bólachta
Tá dul chun cinn déanta le roinnt blianta chun eitinn bólachta a laghdú i measc thréada na tíre, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Léiríonn taighde a rinneadh i gContaetha áirithe ar fud na tíre, Contae Dhún na nGall ina measc, go bhfuil laghdú suntasach i gcásanna eitinne bólachta i gceantair inár glanadh ar shiúl líon na mbroc i gcomparáid leis na ceantair nár glanadh ar shiúl iad.
Tá méadú i líon na mbroc a gabhadh ar fud na tíre le haghaidh vacsaínithe in éadan na heitinne ó 1,937 broc in 2019 go 7,244 broc in 2022.
Plás Nuálaíochta Bia
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Comhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí ag lorg tairiscintí le Plás Nuálaíochta Bia trasteorann a fhorbairt i mBéal Átha Seanaidh agus i mBaile an Irbhinigh.
Tá maoiniú faighte ag an dá údarás áitiúil faoin chiste Oileán Comhroinnte don togra trasteorann seo.
Lorgaíodh tairiscintí chun tabhairt faoi staidéir féidearthachta chun tionscnaimh bia trasteorann a fhorbairt idir Béal Átha Seanaigh agus Baile an Irbhinigh.
Tá moltaí chun ionaid nó plásanna nuálaíochta bia a fhorbairt sa dá bhaile á lorg le tacú le gnónna úra in earnáil an bhia sa dá cheantar.
Easpa oibrithe
Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McBride go bhfuil oibrithe á lorg ag cuid mhór comhlachtaí sa Chontae go háirithe in earnáil an fháilteachais mar go bhfuil oiread de dhaoine óga ag fágáil na Contae.
Dúirt sé gur costais arda agus ganntanas tithíochta an príomhchúis nach bhfuil daoine óga ag fanacht sa Chontae.
Dúirt sé nach féidir an locht a chur ar mhuintir na hÚcráine atá sa Chontae seo mar go raibh seo ag tarlú fiú roimhe sin.
Dúirt an Comhairleoir McBride gur cheart don Chomhairle Contae plé a dhéanamh ar na deacrachtaí atá ag daoine óga agus iarracht a dhéanamh réiteach a fháil orthu.