Comhchoiste na Gaeilge

Bhí sé iontach tábhachtach do Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge cuairt a thabhairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill, a dúirt Cathaoirleach an Choiste, An Teachta Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach don chomhchoiste Oireachtais aithne agus eolas a fháil ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Chas an Comhchoiste le toscaireacht ó Údarás na Gaeltachta le linn a gcuairte ar Ghaoth Dobhair inné.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Tomás Ó Síocháin go raibh lúcháir air go dtug an Comhchoiste Oireachtais cuairt ar Ghaeltacht Thír Chonaill agus go bhfuil súil aige go bhfuair siad tuiscint mhaith ar an obair atá ar bun ag an Údarás sa cheantar.

Míoca

Tá iarratais á bhfáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi scéim cúitimh na mbrící lochtacha i gceantar bardais na nGleanntach, a dhearbhaigh an t-innealtóir sinsearach John Gallagher.

Bhí sé ag freagairt ceiste ón Chomhairleoir Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig a lorg eolas ón Chomhairle faoi mhíoca i dtithe Comhairle Contae sa cheantar bardais.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé féin imníoch faoi mhíoca a bheith i dteach de chuid na Comhairle i nGaoth Dobhair, agus an teach a bheith i ndrochriocht dá bharr.

Chuir sé ceist an raibh tástáil á déanamh do mhíoca ar thithe de chuid na Comhairle i gceantar bardais na nGleanntach.

Tá €12.8m íoctha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le húinéirí tithe sa chontae faoi scéim na mbrící lochtacha go dtí seo.

1,263 iarratas a fuair an Chomhairle Contae faoin scéim cúitimh agus glacadh le 663 iarratas go dáta.

Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Polasaí Tithíochta agus Seirbhísí Corparáideacha na Comhairle go bhfuil an obair chóirithe nó atógála críochnaithe ar 33 teach faoin scéim sa chontae, agus go bhfuil an obair ar siúl faoi láthair ar 33 teach eile sa chontae.

D'íoc an Chomhairle €5.6m le húinéirí tí i dtáillí faoin scéim agus tá €6.7m íoctha go dáta maidir le hobair thógála nó obair chóirithe.

Tithe

Tá obair dheartha agus obair phleanála á déanamh le 155 teach úr de chuid na Comhairle Contae a thógáil i nDún na nGall faoi láthair.

Tá 11 scéim á ndearadh ag an Chomhairle faoi láthair, i bpáirteanna éagsúla den chontae, le idir 3 theach agus 60 teach.

Is ag na Commons i Leifear atá an fhorbairt is mó atá á pleanáil faoi láthair, áit a bhfuil plean chun 60 teach a thógáil, ach tá cead de dhíth ón Bhord Pleanála lena dtógáil.

I measc na scéimeanna eile atá á ndearadh ag Rannóg Tithíochta na Comhairle faoi láthair, tá 8 dteach i nGleann Cholm Cille, 6 theach ar an Ghlasán i gCill Chartha, 10 dteach sa Tamhnaigh i bhFánaid, agus seacht dteach déag ar Bhóthar Fintra sna Cealla Beaga.

Lena chois sin tá dearadh á dhéanamh ar thrí theach ar shuíomh sheanstáisiún dóiteáin na nGleanntach.

Tá obair dheartha á déanamh chun deich dteach do dhaoine aosta a thógáil ar shuíomh sheanstáisiún dóiteáin Shrath an Urláir.

Eitlití

Thug an tAire Stáit sa Roinn Iompair, An Teachta Jack Chambers le fios don Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh gur cuireadh naoi gcinn d’eitiltí ar ceal idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ó thús na bliana.

Lorg an Teachta Ó Dochartaigh tuairisc ón Roinn Iompair maidir le líon na n-eitiltí a cuireadh ar ceal ar sheirbhís Emerald Airlines i gcomhar le Aer Lingus idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath, agus d’iarr sé orthu míniú a thabhairt maidir le cén fáth ar cuireadh eitiltí ar ceal.

Thug an tAire Stáit Chambers le fios gur cuireadh seacht n-eitilt ar ceal ó thús na bliana de bharr fadhbanna teicniúla.

Ba chúrsaí aimsire a ba chúis le dhá eitilt a bheith curtha ar ceal, a dúradh leis an Teachta Ó Dochartaigh.

Francie Mooney

Beidh Éigse Uladh ar siúl i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo.

Beidh an seoladh oifigiúil á dhéanamh tráthnóna inniu ag Paddy Glacken ag 7.30 in Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.

I measc na gcainteoirí anocht beidh Caoimhín Mac Aoidh ó Chairdeas na bhfidléirí, Noel Ó Gallachóir agus an tAthair Seán Ó Gallachóir.

Beidh plé á dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Francie Mooney.

Beidh taispeántas pictiúr agus leabhar sa Chrannóg amárach agus beidh ceolchoirm leis Na Mooneys in Amharclann Ghaoth Dobhair san oíche amárach ag a 7.30, i gcuimhne ar Francie Mooney.