Plean Forbartha Chontae Chorcaí
I bhfreagra a thug Comhairle Contae Chorcaí ar Mheitheal Mhúscraí roimis a gcruinniú aréir ar cheisteanna a bhí curtha ag an Meitheal, chuireadar in iúl, i 7 gcinn de leathanaigh, cén seasamh atá ag an gComhairle ó thaobh na Gaeltachta, de réir an méid atá leagtha amach i bPlean Forbartha an Chontae 2022-2028.
Anuas ar sin, dúirt an Chomhairle go bhfuil suíomh talún acu i mBaile Bhuirne, a d'fhéadfaí a fhorbairt mar láthair tithíochta sóisialta, agus dar leis an Rannóg Tithíochta sa Chomhairle, má bhíonn éileamh go leor ann ó lucht labhartha na Gaolainne atá ar liosta feithimh tithíochta na comhairle, go gceart treabhadh ar aghaidh leis an bhforbairt san.
Comórtas Chlár na gComhlachtaí
Beidh naoi gcinn déag de thograí, atá curtha le chéile ag scoláirí ó cheithre cinn de mheánscoileanna i gceantair Ghaeltachta an Deiscirt san iomaíocht inniu i gcraobh réigiúnach Chomórtas Chlár na gComhlachtaí – urraithe ag Údarás na Gaeltachta agus Junior Achievement Ireland. I bPobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean a bheidh an lá, mar a mbeidh seastáin eolais ag na scoláirí, agus agallaimh á gcur ag na moltóirí orthu.
Bronnfar na gradaim ar a 3 a chlog inniu. S’iad na scoileanna atá páirteach ná an phobalscoil féin, Meánscoil San Nioclás ón Rinn, Scoil Mhuire, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Coláiste Ghobnatan Bhaile Bhuirne.