Iascaireacht
Níor cheart go gcuirfeadh polasaithe rialtais maidir le forbairt feirmeacha gaoithe ar an fharraige isteach ar chúrsaí iascaireachta, a dúirt Breandán Ó Beirn, Príomhfheidhmeannach Chumann Táirgeoirí agus Próiseálaithe Éisc na hÉireann.
Dúirt sé go bhfuil grúpaí ón earnáil iascaireachta san Eoraip ag léiriú imní faoi pholasaithe Rialtais, feirmeacha gaoithe a fhorbairt ar an fharraige.
Tá gá le straitéis aontaithe idir earnáil na mara agus an Rialtas maidir le cad iad na suíomhanna a roghnaítear do fheirmeacha gaoithe ar an fharraige, a dúirt Breandán Ó Beirn.
Tá gá le treoirlínte le gur féidir feirmeacha gaoithe a thógáil ar an fharraige, nach mbeidh tionchar diúltach acu ar iascairí, a dúirt Breandán Ó Beirn.
Droim Bó
Beidh imeachtaí ar siúl i Srath an Urláir inniu le comóradh a dhéanamh ar Mhairtírigh Dhroim Bó a maraíodh céad bliain sa lá inniu.
B'iad sin Timothy O’Sullivan, Daniel Enright, Charles Daly agus Seán Larkin.
Mar chuid d’imeachtaí an lae inniu, beidh mórshiúl coinnle fríd Shrath an Urláir go dtí an áit ar maraíodh na fir ag toiseacht ag 6.30 tráthnóna inniu.
Cuirfear tús inniu fosta leis an taispeántas Drumboe 100 i Leabharlann Shrath an Urláir ina ndéantar cur síos ar an eachtra.
Beidh an taispeántas ar siúl go dtí deireadh na míosa.
Oileán
Níl sé ceart ná cóir nach bhfuil dul chun cinn ar bith á dhéanamh na soilse poiblí ar oileán Uaighe a chóiriú, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.
Dúirt sí gur fada ó rinneadh iarratas chun soilse poiblí úra a chur in airde ag an chéibh, agus nach bhfuil sé maith go leor nár cuireadh na soilse seo in airde go fóill, a dúirt sí.
D’iarr an Comhairleoir Ní Ghallachóir go gcuirfí liosta tosaíochta le chéile de na hoibreacha ar fad atá le déanamh ar oileáin an chósta, agus go lorgófaí maoiniú faoina gcoinne sin, agus go ndéanfaí an obair chomh luath agus is féidir.
Bord Oideachais
Beidh seisiún traenála do bhaill foirne Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall amárach maidir le déileáil le pobal LADT Móide i scoileanna an bhoird.
Cuirfidh an eagraíocht Belong To an traenáil agus an oiliúint ar fáil do bhaill shinsearacha an Bhoird Oideachais ar an téarmaíocht is úire a bhaineann le pobal LADT Móide agus cuirfear comhairle maidir leis an dóigh is fearr le déileáil le pobal LADT sna scoileanna atá faoi chúram an Bhoird.
Dúradh ag cruinniú de Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le gairid go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas seo ag baill an Bhoird leis an tacaíocht cheart a chur ar fáil do scoileanna an Bhoird.
Camscéim
Tá rabhadh tugtha ag na Gardaí do phobal Dhún na nGall a bheith ar an airdeall faoi theachtaireachtaí téacs atá á bhfáil ag daoine ó dhuine ag maíomh gur ball teaghlaigh iad.
Deirtear sa téacs gur chaill an té atá á chur a ghuthán agus go bhfuil guthán úr in úsáid acu.
Iarrtar suim airgid ansin ar bhonn práinne.
Deir na Gardaí gur cheart do dhaoine a chinntiú cé atá ag cur na teachtaireachta agus iarrtar ar dhaoine gan airgead ar bith a sheoladh.