Treoirpholasaí

Tá sé rialaithe ag an gCúirt Achomhairc nach bhfuil aon bhunús dlíthiúil leis an Treoirpholasaí a bhain le cosc a chur ar thrálaeir os cionn 18m a bheith ag iascach laistigh de shé mhuirmhíle den gcósta.

Rialaíodh an méid seo, tar éis achomhairc a dhein beirt iascairí, Tom Kennedy ón nDaingean ar dhuine acu, i gcoinne Aire na Mara, faoin treoirpholasaí in 2019.

Tá fáilte curtha ag Cumann Táirgeoirí Éisc an Deiscirt agus an Iarthair roimis seo.

Tá ana-dhíomá ar an gComhaontas Glas leis an scéal, agus deir ionadaí an pháirtí i gCorca Dhuibhne Peadar Ó Fionnáin – díreach toisc go bhfuil an cás cúirte buaite ag beirt iascairí, nach hionann sin is a rá go bhfuil cead acu dul i mbun iascaireachta laistigh den sé mhuirmhíle sin.

Deir ionadaí na nGlasach i Neidín, Cleo Murphy, go bhfuil slad á dhéanamh ar bheatha na mara i mBá Neidín ag na trálaeir agus go bhfuil iascairí cois cósta thíos go mór leis.

HIQA

Tá rún ag an gcomhairleoir Fionnán Mac Gearailt ar chlár chruinniú an lae inniu de Chomhairle Contae Chiarraí, ag éileamh go ndéanfaí rud ar thuairisc HIQA na míosa seo caite, ar Ospidéal na hOllscoile Ciarraí i dTrá Lí.

Bhí HIQA ana-cháinteach ar fad ar an tslí ina bhfuil an t-ospidéal á bhainistiú, agus ar an tslí a bhfuiltear ag caitheamh le hothair in ionad timpiste agus éigeandála an ospidéil.

Deirtear i rún an Ghearaltaigh go gceart don gComhairle scríobh go dtí an tAire Sláinte Stephen Donnelly, ag rá go ndéanfaí rud ar na moltaí a dhein HIQA fé Ospidéal na hOllscoile Ciarraí.